Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 12:7 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Ná bíodh eagla oraibh, d’á bhrigh sin. Is mó le rád sibh-se ’ná a lán gealbhún.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Ar ndóigh, níl ribe ar bhur gcinn nach mbíonn á chuntas. Ní eagal daoibh; is mó bhur luach ná mórán gealbhan.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Acht tá cómháireamh fosta ar ruibeacha bhur gcinn go h-uile. Ar an adhbhar sin, ná bíodh eagla oraibh: is feárr sibh-se ná mórán gealbhán.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Acht atá ribí bhúr ngruaige go léir cómhairimhthe. Ná bíodh eagla oraibh: is mó is fiú sibh‐se ’ná mórán gealbhan.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Achd fós atá gruág bhar gcinnse uile ar na comhaíreamh. Ar a nadhbharsin na bíodh eagla oráibh: as fearr sibhse ná morán gealbhan.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Ní hea, ach fiú amháin ribí bhur gcinn, tá siad uile comhairthe. Ná bíodh aon eagla oraibh; is mó is fiú sibh ná dá mhéad na gealbhain.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Ní hea, ach fiú amháin ribí bhur gcinn, tá siad uile comhairthe. Ná bíodh aon eagla oraibh; is mó is fiú sibh ná dá mhéad na gealbhain.

Féach an chaibidil



Lúcás 12:7
10 Tagairtí Cros  

Nach mó le rádh go mór duine ’ná caora? D’á bhrígh sin is dleaghthach tairbhe déanamh sa tsabbóid.


Féachaidh éanlaithe an aeir; ní chuirid siad síol ná ní bhainid siad fóghmhar, ná ní dheinid siad cnuasach i sgioból; Agus deineann bhúr n-Athair neamhdha iad do chothú. Nách mó go mór le rádh sibh-se ’ná iad san?


Ach ruibe de ghruaig bhúr gcinn ní raghaidh amú.


D’á bhrígh sin larraim oraibh anois bia do chaitheamh ar son bhúr sláinte, óir ní caillfar oiread agus ruibe gruaige de cheann aon duine agaibh.