Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 12:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Ní hea, ach fiú amháin ribí bhur gcinn, tá siad uile comhairthe. Ná bíodh aon eagla oraibh; is mó is fiú sibh ná dá mhéad na gealbhain.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Ar ndóigh, níl ribe ar bhur gcinn nach mbíonn á chuntas. Ní eagal daoibh; is mó bhur luach ná mórán gealbhan.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Acht tá cómháireamh fosta ar ruibeacha bhur gcinn go h-uile. Ar an adhbhar sin, ná bíodh eagla oraibh: is feárr sibh-se ná mórán gealbhán.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Acht atá ribí bhúr ngruaige go léir cómhairimhthe. Ná bíodh eagla oraibh: is mó is fiú sibh‐se ’ná mórán gealbhan.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Achd fós atá gruág bhar gcinnse uile ar na comhaíreamh. Ar a nadhbharsin na bíodh eagla oráibh: as fearr sibhse ná morán gealbhan.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Ná bíodh eagla oraibh, d’á bhrigh sin. Is mó le rád sibh-se ’ná a lán gealbhún.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Ní hea, ach fiú amháin ribí bhur gcinn, tá siad uile comhairthe. Ná bíodh aon eagla oraibh; is mó is fiú sibh ná dá mhéad na gealbhain.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 12:7
10 Tagairtí Cros  

Dúirt sí ansin: “Glaodh an rí, lena thoil, ar ainm an Tiarna, a Dhia, d'fhonn nach ndéanfadh an díoltasaí fola a thuilleadh marú agus mo mhac a mhilleadh.” “Dar an Tiarna beo,” ar sé, “ní thitfidh ribe de ghruaig do mhic chun na talún.”


Agus a dhéanann sinn níos gaoismheara ná ainmhithe na cruinne. Agus níos críonna ná éanlaith an aeir.”


Rinne tú beagán níos lú ná dia é gur chuir tú barr glóire agus gradaim air.


Agus is mó is fiú duine ná caora. Dá réir sin, tá sé dleathach an mhaith a dhéanamh lá sabóide.”


“Féachaigí éanlaith an aeir: ní dhéanann siad síolchur ná fómhar ná cnuasach sna sciobóil, agus tugann bhur nAthair neamhaí bia dóibh. Nach mó is fiú sibhse ná iad sin?


ach ribe de ghruaig bhur gcinn ní mhillfear.


“Molaim daoibh dá bhrí sin bhur gcuid a chaitheamh, mar tá bhur slánú ag brath air. Mar ní chaillfear ribe gruaige as ceann aon duine agaibh.”


Ach dúirt an pobal le Sól: “An bhfaighidh Iónátán bás anois agus gurb eisean a fuair an bua iontach seo d'Iosrael? I bhfad uainn a leithéid! Dar an Tiarna beo, ní thitfidh oiread agus ribe de ghruaig a chinn chun talún mar bhí Dia leis ina bhearta inniu.” Rinne an pobal Iónátán a fhuascailt dá bhrí sin agus níor cuireadh chun báis é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí