Is aoibhinn do’n tseirbhíseach san, nuair a thiocfaidh a thighearna, má gheibheann sé é ag déanamh na h-oibre sin.
Lúcás 12:43 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Is aoibhinn do’n tseirbhíseach san n-a dtiocfaidh a Thighearna air ag déanamh na h-oibre sin nuair a thiocfaidh sé. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Is beannaithe an seirbhíseach a bhfaigheann a mháistir é ag déanamh amhlaidh nuair a thagann sé. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Is méanar do’n tseirbhíseach sin, nuair a thiocfas a thighearna, má gheibh sé é ghá dhéanamh sin. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Is aoibhinn do’n tseirbhíseach úd go bhfaighidh a thighearna g‐á dhéanamh nuair thiocfas sé. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Is beannaighe an searbhfhoghantuidhe úd, agá bhfuighe a thighearna an tan thiocfus sé dhá dhéanamh mar sin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Is méanar don seirbhíseach sin a bhfaighidh a mháistir é ag déanamh amhlaidh ar theacht dó. An Bíobla Naofa 1981 Is méanar don seirbhíseach sin a bhfaighidh a mháistir é ag déanamh amhlaidh ar theacht dó. |
Is aoibhinn do’n tseirbhíseach san, nuair a thiocfaidh a thighearna, má gheibheann sé é ag déanamh na h-oibre sin.
Is aobhinn do sna seirbhísigh sin a gheobhaidh a dTighearna ag déanamh na faire nuair a thiocfaidh sé; go deimhin adeirim libh, cuirfidh sé a chrios uime agus cuirfidh sé ’n-a suidhe iad, agus déanfaidh sé friothálamh ortha sa tímpal.
Agus dubhairt an Tighearna: Cé h-é, dar leat-sa, an stíobhard dílis ciallmhar á chuir an Tighearna os cionn a theaghlaigh chun a dtómhais cruithneachtan a thabhairt dóibh i dtráth?