Agus ná bíodh eagla agaibh roimis an muintir a mharbhuigheann an corp, agus nách féidir dóibh an t-anam a mharbhú; ach bíodh eagla agaibh roimis an t-é gur féidir dó idir anam agus corp do chur go h-ifreann.
Lúcás 12:4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Deirim ámhthach, libh-se, a cháirde: Ná bíodh eagla agaibh roimis an muintir a mharbhuigheann an corp, agus ansan ná fuil a thuille acu le déanamh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “Insím daoibh, a dhaoine na páirte, gan eagla a bheith oraibh roimh an dream nach féidir leo ach an cholainn a chur chun báis. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus deirim libh-se, a cháirde liom: Ná bíodh eagla oraibh rompa seo a mharbhas an corp, agus nach féidir leo níos mó a dhéanamh ina dhiaidh sin. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adeirim libh, a cháirde, Ná bíodh eagla oraibh rómpa‐san mharbhas an corp, agus nach bhféadann a thuilleadh do dhéanamh ’n‐a dhiaidh sin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a deirim ribhse a chairde, Ná biodh eagla muinntire oraibh mhárbhus an corp, agus na dhiáigh sin leis nach éidir ní sa mhó do dhéanamh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach is libh-se a deirim é, a chairde: ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp agus ina dhiaidh sin nach dtagann leo níos mó a dhéanamh. An Bíobla Naofa 1981 Ach is libhse a deirim é, a chairde: ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp agus ina dhiaidh sin nach dtagann leo níos mó a dhéanamh. |
Agus ná bíodh eagla agaibh roimis an muintir a mharbhuigheann an corp, agus nách féidir dóibh an t-anam a mharbhú; ach bíodh eagla agaibh roimis an t-é gur féidir dó idir anam agus corp do chur go h-ifreann.
Ní’l ag aon duine grádh is mó ’na so, go dtabharfadh duine a anam ar son a charad.
Ach ní h-eagal liom aon nídh dhíobh san ná ní mheasaim gur mó is fiú mo bheatha ’ná me féin, ach go gcomhlíonfad mo thurus, agus seirbhís an bhréithir, a fuaras ó’n dtighearna Íosa, fiadhnuise dhéanamh ar shoisgéal ghrásta Dé.
Ansan, nuair a chonnacadar Peadar agus Eóin agus iad chómh seasamhach, agus nuair a fuaradar gur dhaoine iad a bhí gan tabhairt suas, gan foghluim, bhí iongna ortha; agus d’aithníghdar iad, go mbídís i bhfochair Íosa;