Óir do ghrádhuigh Dia an domhan chómh mór san gur thug sé a Aon Mhac féin uaidh, i dtreó, gach duine a chreidfeadh ann, na caillfí é, ach go mbeadh beatha shíoruidhe aige.
Lúcás 1:78 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Tré inníbh trócaire ár nDia, n-ar tháinig ’ghár bhféachaint an lóchaint a’ doimhneas na bhflathas. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) trí mhíne thrócaire ár nDé-ne san lá úd a thiocfas solas geal na maidine orainn ó ard na bhflaitheas, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Tré mhór-thrócaire ár nDé, le n-a dtug lonnradh na maidne ó neamh cuairt orainn, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Tré mhór‐thrócaire ár nDé, Tré n‐a dtiocfaidh gealadh gréine anuas orainn, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Tré thrócaire ro mhóir ar Ndia féin; lér fhiosruigh sé sinn ag éirghe ón ionad árd, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 de chionn thrócaire chroí ár nDé a bhéarfaidh an Láchan dár bhfiosrú ó uachtar Neimhe, An Bíobla Naofa 1981 de chionn trócaire chroí ár nDé a bhéarfaidh an Láchan dár bhfiosrú ó uachtar neimhe, |
Óir do ghrádhuigh Dia an domhan chómh mór san gur thug sé a Aon Mhac féin uaidh, i dtreó, gach duine a chreidfeadh ann, na caillfí é, ach go mbeadh beatha shíoruidhe aige.