Óir beidh sé mór i láthair Dé, agus ní ólfaidh sé fíon ná deoch mheisgeamhail, agus beidh sé lán de’n Spioraid Naomh ó bhroinn a mháthar féin.
Lúcás 1:67 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do líonadh Sacarias, a athair, leis an Spioraid Naomh, agus do thargair sé mar seo: An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus líonadh a athair Secaría leis an Spiorad Naomh go dtí go ndearna sé tairngreacht, agus is é a dúirt sé, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus líonadh a athair, Sacaire, leis an Spiorad Naomh, agus rinne sé fáidheadóireacht, ag rádh: Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do líonadh Sacharias, a athair, de’n Spiorad Naomh, agus do‐rinne sé fáidheadóireacht, g‐á rádh, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do bhí Sacharías athair, lán don Spíorad Náomh, agus do rinne sé faidheadóireachd ag rádh, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus líonadh Zacairiá a athair den Spiorad Naomh, agus rinne tairngreacht dá rá: An Bíobla Naofa 1981 Agus líonadh Zachairias a athair den Spiorad Naomh, agus rinne tairngreacht á rá: |
Óir beidh sé mór i láthair Dé, agus ní ólfaidh sé fíon ná deoch mheisgeamhail, agus beidh sé lán de’n Spioraid Naomh ó bhroinn a mháthar féin.
Agus do thárla, nuair a d’airigh Elisabet beannachadh Muire gur léim an leanbh a bhí ’n-a broinn. Agus do líonadh Elisabet de’n Spioraid Naomh.
agus do líonadh iad go léir de’n Spioraid Naomh agus chromadar ar labhairt i dteangthachaibh iolardha, fé mar a thug an Spioraid Naomh dóibh labhairt.
Agus conus a thárla gur airigh gach duine againne a theanga dhúchais féin ionar tógadh é?
Agus d’imthigh Ananías agus chuaidh sé isteach sa tigh agus chuir sé a lámh air agus dubhairt sé: A Shaul, a bhráthair, an Tighearna Íosa a thaisbeáin é féin duit ar an slígh agus tu ag teacht, do chuir sé mise chughat ionus go bhfeicfá agus go líonfí de’n Spioraid Naomh thu.