Agus tháinig an t-aingeal isteach ag triall uirthi, agus dubhairt sé: Go mbeannuighthear duit atá lán de ghrástaibh; tá an Tighearna ad’ fhochair; is beannuighthe thu idir mhnáibh.
Lúcás 1:42 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do labhair sí do ghuth árd, agus dubhairt: Is beannuighthe thu idir mhnáibh, agus is beannuighthe toradh do bhroinne. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus scairt sí amach in ard a cinn is a gutha, “Is beannaithe tú i measc na mban, agus is beannaithe é toradh do bhroinne! Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus labhair sí de ghuth árd, agus dubhairt: Is beannuighthe thú eadar mná, agus is beannuighthe toradh do bhronn. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus do ghlaodh sí amach de ghuth árd, Is beannuighthe tú idir mhnáibh, agus is beannuighthe toradh do bhroinne. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do éigh sí do ghuth mhór, agus a dubhairt si, Is beannaighthe thú eidir na mnáibh, agus is beannaighthe toradh do bhronn, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus mʼéigh sí de ghlór ard agus dúirt: “Is beannaithe tú idir mhná, agus is beannaithe toradh do bhroinne. An Bíobla Naofa 1981 agus d'éigh sí de ghlór ard agus dúirt: “Is beannaithe tú idir mná, agus is beannaithe toradh do bhroinne. |
Agus tháinig an t-aingeal isteach ag triall uirthi, agus dubhairt sé: Go mbeannuighthear duit atá lán de ghrástaibh; tá an Tighearna ad’ fhochair; is beannuighthe thu idir mhnáibh.
Agus do thárla, nuair a d’airigh Elisabet beannachadh Muire gur léim an leanbh a bhí ’n-a broinn. Agus do líonadh Elisabet de’n Spioraid Naomh.
Óir d’fhéach sé ar ísleacht a chailín; Mar féach, as so amach, déarfaid na sleachta go léir gurab aoibhinn dom.
Agus deiridís: Moladh leis an t-é atá ag teacht ’n-a rí i n-ainim an Tighearna; síothcháin ar neamh agus glóire ins na flathais.