Seanfhocal 8:11 - An Bíobla Naofa 1981 Mar is luachmhaire an eagna ná pearlaí, agus níl aon ní arbh fhiú a shantú seachas í. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír is fear a neagna náid na clocha búadha; agus na huile neithe is féidir do dhúiliughadh ní hionchoimhmeasta ría íad. |
Is íon í eagla an Tiarna, maireann sí go deo; is fíor iad reachtanna an Tiarna, táid uile go cóir.
Tá an t‑ór ann, agus raidhse cloch lómhar, ach is iad beola an eolais an tseoid róluachmhar.
Eagna agus oidhreacht le chéile, is maith an ní é sin agus téann sé ar sochar don mhuintir a fheiceann an ghrian.
Óir cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal? Nó cad a d'fhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam?
Ní mó ná sin is thar lear atá agus nár mhór duit a rá: ‘Cé rachaidh thar lear dúinn agus é a thabhairt chugainn chun go gcluinfimís é agus déanamh dá réir?”