Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 8:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Mise, an Eagna, tá cónaí orm sa chríonnacht; aimsím eolas agus éirím;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Misi a neagna áitreabhuim a bhfochair na críonnachta, agus do gheibhim amach éolus ar neithibh ínntleachtacha.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 8:12
16 Tagairtí Cros  

Ba mhac baintrí de threibh Naftáilí é, lán de thuiscint agus an-eolgaiseach i mbun déantúis chré-umha. Tháinig sé chuig Solamh agus rinne an obair seo go léir dó:


thug sé cur síos dó freisin ar a raibh beartaithe aige do chúirteanna theach an Tiarna, do na seomraí ina thimpeall, do chistí theach Dé, agus do chistí na n‑ofrálacha deonacha;


bhí sé sin go léir de réir mar a bhí scríofa ag an Tiarna faoi lena láimh féin d'fhonn go ndéanfadh sé an obair go léir dár thug sé na pleananna soiléir.


D'fheach Iúdá ina dtimpeall agus chonaic siad lucht ionsaithe rompu amach agus ina ndiaidh. Ghlaoigh siad ar an Tiarna agus shéid na sagairt na stoic.


Nach líonmhar iad d'oibreacha, a Thiarna! rinne tú gach aon ní le heagna; is comhlán an chruinne dá bhfuil déanta agat.


Agus dúirt Maois le clann Iosrael: “Féach! roghnaigh an Tiarna ó ainm Bazalael mac Úirí mac Húr de threibh Iúdá.


Le críonnacht a thabhairt don saonta, agus eolas agus tuiscint don óg;


A lucht an aineolais, foghlaimigí an chríonnacht; agus sibhse, a amadána, [bíodh ciall agaibh].


An té a mhúineann an riail sin dó, is é a Dhia é atá á theagasc.


Cad é doimhneas ollmhaitheasaí agus eagna agus eolas Dé! Nach do-thuigthe atá a bhreithiúnais agus nach dorianta atá a bhealaí!


Mar is i gCríost a roghnaíodh sinne inár n‑oidhrí agus a leagadh amach dúinn, de réir intinne an té úd a oibríonn gach ní de réir chomhairle a thola féin,


de réir iomadúlacht an ghrásta a roinn sé orainn go fial. Le teann eagna agus gaoise


i dtreo go bhfaigheadh tiarnais agus údaráis na spéire eolas anois tríd an Eaglais ar eagna ilghnéitheach Dé


is é sin, ar Chríost a bhfuil stóir uile na heagna agus an eolais i bhfolach ann.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí