Óir gineann siad mailís agus beireann siad an urchóid, Agus déanann a mbroinn an chalaois a réiteach.
Seanfhocal 24:2 - An Bíobla Naofa 1981 Foréigean atá á bheartú ina gcroí acu, agus mailís atá ina mbéal acu. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír stuidéaruidh a ccroidhe millteachus, agus labhruid a mbéil urchóid. |
Óir gineann siad mailís agus beireann siad an urchóid, Agus déanann a mbroinn an chalaois a réiteach.
Bíonn a bhéal lomlán de mhallachtaí agus fós de chealg is de bhréaga: bíonn urchóid is mioscais faoina theanga.
Ná sciob mé i bhfochair na bpeacach i bhfarradh na n‑urchóideach a labhraíonn go cneasta lena gcomharsana agus an t‑olc ina gcroí.
Seachnaíonn mo chomhluadar is mo chairde mé, agus fanann mo ghaolta i bhfad uaim, mar gheall ar mo chréachtaí.
Bíonn an feall ina chroí ag beartú oilc, agus bíonn aighneas de shíor á adhaint aige.
Ar an ábhar sin a deir Neach Naofa Iosrael: “De bhrí gur beag libh an rabhadh seo, agus go bhfuil bhur muinín sa chamastaíl agus san fheall, agus gurb iad is crann taca agaibh,
Éileamh ar cheart ní dhéantar sa chúirt, ná ní théitear chun dlí go hionraic. Cuirtear muinín sa díomhaointeas agus cantar bréaga; gabhtar an míghníomh sa bhroinn agus saolaítear buaireamh.
Ach níl do shúilese ná do chroí ach ar son do shainte féin, a dhoirteadh fuil neamhchiontaigh agus chun sáraithe, agus foréigean a dhéanamh.”
Tá a lámha oilte ar an olc a dhéanamh; bíonn síntiús éigin á lorg ag an ardfheidhmeannach agus is féidir an breitheamh a cheannach le breab agus labhraíonn an fear tiarnais de réir a mhéine féin. Mo chreach! Camann siad an dlí.
“A dhuine atá lán den uile chealg is ghliceas,” ar seisean, “a mhic an diabhail agus a namhaid na huile chóra, nach stadfá de bheith ag camadh slite díreacha an Tiarna?
Bhí a fhios ag Dáiví, ámh, go raibh urchóid á beartú ag Sól ina aghaidh agus dúirt sé le hAibíátár an sagart: “Tabhair an t‑éafód anseo.”