Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 6:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 Croí a bheartaíonn cealga, cosa a bhrostaíonn chun an oilc,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Croidhe thionsgnas smuaintighthe urchóideacha, cosa bhíos lúath do rioth chum uilc,

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 6:18
11 Tagairtí Cros  

Chonaic an Tiarna gurbh éachtach é olc an duine ar an talamh agus nach raibh á thaibhreamh dó ina smaointe de shíor ach an t‑olc.


Tá urchóid agus cealg ina bhéal níl ciall aige don mhaith.


(Óir tá siad ar cosa in airde chun an oilc, agus deifir orthu le fuil a dhoirteadh.)


Is gráin leis an Tiarna smaointe an choirpigh, ach is [gean leis] caint na neamhchiontach.


Foréigean atá á bheartú ina gcroí acu, agus mailís atá ina mbéal acu.


An té atá ag beartú an oilc, tabharfar fear clampair air.


Ritheann a gcosa chun an oilc, agus deifir orthu fuil neamhurchóideach a dhoirteadh. Bearta coiriúla is ea a mbearta, níl ach scrios agus slad ina ndiaidh aniar.


Nigh do chroí ó urchóid ionas go sábháilfear thú, a Iarúsailéim. Cá fhad a lonnfaidh i do chroí do smaointe mailíseacha?


Mairg don mhuintir a bhíonn ag meabhrú urchóide agus ag beartú oilc ar a leaba. Le céadsolas na maidine siúd chun gníomhartha iad mar is acmhainn dóibh é.


ná beartaíodh aon duine agaibh olc ina chroí in aghaidh a chomharsan; agus ná bígí tugtha do mhionnaí bréige; óir, is fuath liom na nithe sin go léir,” a deir an Tiarna.


Is lúfar a gcosa chun fuil a dhoirteadh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí