Seanfhocal 13:5 - An Bíobla Naofa 1981 Is fuath leis an bhfíréan an bhréag, ach bíonn an t‑urchóideach ag cúlchaint agus ag tarcaisniú. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Fúathuighidh an fíréun bréaga: acht bí an drochdhuine neimfhírinneach, agus thig sé chum náire. |
Bíonn an leisceoir ag tnúthán, ach ní bhíonn dada ina chomhair; ach bíonn an saothrach sáitheach.
Nuair a thagann an urchóid leanann drochmheas chomh maith; agus leanann an easonóir an masla.
Onóir is oidhreacht ag lucht na heagna, ní bhíonn ach an táire mar chuid ag amadáin.
Coinnigh i bhfad uaim an t‑éitheach agus an bhréag; ná tabhair dom saibhreas ná daibhreas, ach cothaigh mé leis an mbia is cuí dom,
Cuimhneoidh sibh ansin ar bhur mbealaí agus ar bhur ngníomhartha lenar truaillíodh sibh; agus tabharfaidh sibh fuath daoibh féin as an uile pheaca dar chleacht sibh.
Ansin cuimhneoidh sibh ar bhur ndrochiompar agus ar bhur ndrochimeachtaí. Beidh gráin agaibh oraibh féin as bhur bpeacaí agus bhur ngníomhartha gránna.
Ansin cuimhneoidh siadsan a d'éalaigh ormsa, agus iad ar díbirt i measc na gciníocha. Mar beidh a gcroí a chuaigh ar seachrán uaim go macnasach [briste agam]; beidh a súile a théann go striapúil i ndiaidh a n‑íol dallta agam; agus ar fhéachaint orthu féin dóibh beidh gráin acu orthu mar gheall ar an olc a rinne siad, mar gheall ar a n‑uafáis go léir.
In aon mhí amháin chuir mé an triúr aoire dá gcois. Ach bhí briste ar an bhfoighne agam leis an tréad agus ba ghráin leosan mise chomh maith.
Cuirigí uaibh an t‑éitheach, dá bhrí sin, agus labhraígí an fhírinne lena chéile, gach duine agaibh, mar is baill dá chéile sinn.
Agus ná hinsígí bréaga dá chéile mar go bhfuil bhur sean-nádúr bainte díbh agaibh mar aon lena chuid gníomhartha
Ach na meatacháin, agus na mídhílsigh, lucht na truaillitheachta, agus na dúnmharfóirí, agus lucht an adhaltranais, na hasarlaíochta agus an íoladhartha, agus lucht an éithigh go léir, is é atá i ndan dóibh, a bheith sa linn tine agus ruibhe. É sin an dara bás.”
D'fhreagair sé í: “Dá gceanglófaí mé le téada nua nár úsáideadh riamh, ansin chaillfinn mo neart, agus bheinn mar aon fhear eile.”