Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 13:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Cosnaíonn an tsuáilce an fear dea-bheatha; milleann an urchóid an peacach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Coimhéaduigh an tionnracus an direach iona shlighe: acht claóidhigh a nurchóid an peacach.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 13:6
14 Tagairtí Cros  

“Má iompraíonn sé é féin go hionraic,” a d'fhreagair Solamh, “ní thitfidh ribe dá chuid gruaige chun talún; ach má fhaightear mailíseach é, cuirfear chun báis é.”


Ar an gcaoi sin rinneadh teaghlach coiriúil de theaghlach Iarobám i dtreo gur scriosadh ar fad é de chlár na talún.


d'ofráil sé íobairtí do dhéithe na Damaisce a chloígh é agus dúirt: “De bhrí gur thug déithe ríthe Arám cabhair dóibhsean, déanfaidh mé íobairt chucu le súil go gcabhróidh siad liomsa.” Ach thug siad an mí-ádh sa mhullach air féin agus ar Iosrael.


Is aoibhinn a mbíonn a slí gan mháchail, a shiúlann i ndlí an Tiarna.


Go bhfeara sé sméaróidí dearga orthu anuas; go gcaithe sé isteach i bpoll talún iad, i dtreo is nach n‑éirí siad arís.


An té a shiúlann gan cháim; an té a dhéanann fíréantacht agus a labhraíonn go díreach óna chroí;


Go gcumhdaí an neamhurchóid is an t‑ionracas mé, óir is ionat atá mo dhóchas, a Thiarna.


Le Dáiví. 1 Tabhair breithiúnas ar mo shon, a Thiarna, óir shiúil mé ar shlí an ionracais, agus bhí mo dhóchas sa Tiarna gan staonadh.


Dún daingean é an Tiarna d'fhear na beatha fíréanta, níl ann ach scrios do lucht an oilc a dhéanamh.


Is fuath leis an Tiarna lucht droch-chroí; is geal leis an mhuintir nach cam cosán.


Déanann a n‑ionracas na hionraice a stiúradh, ach scriosann a bhfeall na feallairí.


Breathnaíonn an fíréan ar theach an drochdhuine, agus basctar na héagráifigh de dheasca a n‑urchóide.


Bíonn cionta an urchóidigh mar ghaiste ina thimpeall, agus gabhtar é i líonta a pheaca féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí