Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Cóheilit 3:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 tráth grá, tráth fuatha, tráth cogaidh, tráth síochána.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Aimsir re grádhughadh, agus aimsir ré fúathughadh; aimsir re cogadh, agus aimsir re síothcháin.

Féach an chaibidil Cóip




Cóheilit 3:8
19 Tagairtí Cros  

Óir bhí sé i gceannas ar an dúiche go léir laistiar den Eofrataes, ar na ríthe go léir laistiar den Eofrataes, ó Thifseá go Gazá, agus bhí síocháin aige ar gach teorainn máguaird.


Nuair a chonaic Iórám Iéahú d'fhiafraigh sé de: “An síocháin bhur ngnó, a Iéahú?” D'fhreagair sé: “Cén tsíocháin a d'fhéadfadh a bheith i gceist agus a bhfuil de striapachas agus phisreoga gan áireamh ar siúl ag do mháthair Ízeibil.”


Ghabh Iéahú mac Hanáiní, an físí, amach ina choinne, agus dúirt sé leis an rí Iahóiseáfát: “Ar chóir duit lámh chúnta a thabhairt don choirpeach? Ar chóir duit grá a thabhairt dóibh siúd ar fuath leo an Tiarna agus a fhearg a thabhairt sa mhullach ort dá bharrsan?


Ní chuirfidh mé os comhair mo shúl aon ní suarach. Is gráin liom slí na n‑urchóideach; ní bheidh páirt agam leo.


D'athraigh sé a gcroí siúd ionas gurbh fhuath leo a phobal, agus gur bhaineadar mealladh as a sheirbhísigh.


Nach fuath liom, do lucht fuatha, a Thiarna; nach déistin liom a n‑éiríonn i d'éadan?


Is fuath leis an bhfíréan an bhréag, ach bíonn an t‑urchóideach ag cúlchaint agus ag tarcaisniú.


Ar ghabháil tharat arís dom d'amharc mé ort. Bhí tú aibí chun grá; leath mé beann mo chlóca ort agus chlúdaigh do tharnochtacht: sea, thug mé mionn duit, chuaigh mé i gconradh leat - an Tiarna Dia a labhraíonn - agus ba liomsa thú.


“Má thagann aon duine chugam agus gan fuath a bheith aige dá athair agus dá mháthair agus dá bhean agus dá chlann agus dá dheartháireacha agus dá dheirfiúracha, agus fiú amháin dá anam féin, ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam.


go gcuirfidh sibh eolas ar ghrá Chríost atá os cionn tuisceana agus go líonfar sibh de líonmhaireacht iomlán Dé.


A fheara, bíodh grá agaibhse do bhur mná faoi mar a bhí grá ag Críost don Eaglais agus thug suas é féin ar a son d'fhonn í a choisreacan do Dhia.


d'fhonn a thabhairt ar na mná óga bheith ceanúil ar a bhfir chéile agus ar a bpáistí


Fuair Iósua seilbh ar an tír ar fad, faoi mar a dúirt an Tiarna le Maois, agus thug sé é d'Iosrael mar oidhreacht de réir mar a bhíodar roinnte ina dtreibheanna. Agus bhí sos ó chogadh ag an tír.


Is eol dom d'oibreacha, agus do shaothar, agus d'fhoighne, agus mar nach féidir duit lucht an oilc a fhulaingt, agus mar a phromhaigh tú an dream a thug aspail orthu féin agus nach amhlaidh dóibh, agus mar a fuair tú bréagach iad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí