Ach féachfaidh lucht an oilc ina dtimpeall le súile marbhánta; Ní bheidh bealach éalaithe fágtha acu, Agus gan de dhóchas acu ach an dé deiridh.
Seanfhocal 11:7 - An Bíobla Naofa 1981 Ní chuireann an bás deireadh le dóchas an fhíréin, ach téann muinín lucht na haindiagachta amú. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A nuair éugas an drochdhuine, éugaidh a dhóthchus: agus imthighidh dóthchus na ndaoine neimhionnraic. |
Ach féachfaidh lucht an oilc ina dtimpeall le súile marbhánta; Ní bheidh bealach éalaithe fágtha acu, Agus gan de dhóchas acu ach an dé deiridh.
Feicfidh an peacach agus beidh sé ar buile. Bainfidh sé dioscán as a fhiacla agus leáfaidh sé; agus meathfaidh mian an urchóidigh.
Nuair a scarann an anáil leis filleann sé sa chré agus téann a bhearta ar ceal an uair sin.
Suáilceas ar fad é dóchas na bhfíréan, ach rachaidh meath ar dhóchas an urchóidigh.
Dún daingean é an Tiarna d'fhear na beatha fíréanta, níl ann ach scrios do lucht an oilc a dhéanamh.
Scriosann a urchóid féin an coirpeach; ach faigheann an fíréan foscadh óna dhea-iompar.
An ndéarfaidh tú fós: ‘Is dia mé,’ i láthair lucht do mharfa? Ní hea, is duine thú agus ní dia, agus tú i lámha marfóirí!