Eizicéil 28 - An Bíobla Naofa 1981In Éadan Rí na Tuíre 1 Tháinig briathar an Tiarna chugam: 2 “A mhic an duine, abair le prionsa na Tuíre: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Dúirt tú le teann mórchúise: Is dia mé, suím in ionad Dé i lár na farraige. Cé gur duine thú agus nach dia, measann tú bheith ar aon chéim le Dia. 3 Is eagnaí thú ná Dainéil; níl aon rún ceilte ort. 4 Le gaois agus le tuiscint ghnóthaigh tú saibhreas; chruinnigh tú ór agus airgead i do chistí. 5 Mhéadaigh tú do stór le do chríonnacht i gcúrsaí gnó; bhorr do chroí de thairbhe do mhaoine. 6 Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Measann tú bheith ar aon chéim le Dia. 7 Féach, tabharfaidh mé coimhthígh anuas ort, an náisiún is barbartha ar na náisiúin; tarraingeoidh siad an claíomh in aghaidh scéimh d'eagna, truailleoidh siad do ghlóir. 8 Teilgfidh siad síos thú go Seól, agus gheobhaidh tú anbhás i gceartlár na farraige móire. 9 An ndéarfaidh tú fós: ‘Is dia mé,’ i láthair lucht do mharfa? Ní hea, is duine thú agus ní dia, agus tú i lámha marfóirí! 10 Éagfaidh tú le láimh an choimhthígh amhail duine gan timpeallghearradh. Mise a dúirt - an Tiarna Dia a labhraíonn.” 11 Tháinig briathar an Tiarna chugam arís: 12 “A mhic an duine, caoin rí na Tuíre agus abair leis: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Rug tú craobh na foirfeachta leat le feabhas do ghaoise, agus le maise do scéimhe; 13 bhí tú in Éidin, i ngairdín Dé. Bhí gach sort seoide i ndéantús do chloca, sard, tópas, diamant, criosailít, beiril, oinisc, saifír, carmhogal, smaragaid; ba as ór a rinneadh do thiompáin agus do phíbeanna. Gléasadh an t‑iomlán an lá ar cruthaíodh thú. 14 Chuir mé thú i gcuideachta ceiribín ungtha choimhdeachta; bhí tú ar shliabh naofa Dé, shiúil tú i measc na n‑aibhleog dearg-the. 15 Bhí d'iompar gan locht ón lá ar cruthaíodh thú go dtí gur tháinig an t‑olc fad leat. 16 Ba é do thrádáil ghnóthach a líon le foréigean agus le peaca thú. Chaith mé síos thú mar rud truaillithe ó shliabh Dé; theilg an ceiribín coimhdeachta amach thú as lár na n‑aibhleog te. 17 D'éirigh do chroí teann as do scéimh, thruailligh tú do ghaois mar gheall ar do niamhracht. Theilg mé síos go talamh thú, nocht mé thú os comhair ríthe ionas go mbainfidís lán na súl asat. 18 Le hiomad do pheacaí agus caimiléireacht do ghnóthaí, thruailligh tú do shanctóirí; bhain mé tine asat le do dhó, rinne mé luaithreach díot ar an talamh os comhair gach duine a chonaic thú. 19 Is uafás thú ag do lucht aitheantais uile; is tubaisteach an chríoch a d'imigh ort; ní bheidh tú ann arís choíche.” In Éadan Shíodóine 20 Tháinig briathar an Tiarna chugam: 21 “A mhic an duine, iompaigh i dtreo Shíodóine agus tairngir ina héadan. 22 Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach! tá mise i do choinne, a Shíodón; foilseoidh mé mo ghlóir tríotsa, agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna nuair a ghearrfaidh mé breithiúnais uirthi, agus nuair a thaispeánfaidh mé mo naofacht inti. 23 Cuirfidh mé plá inti agus fuil ag rith ar na sráideanna. Titfidh na mairbh inti leis an gclaíomh ina timpeall ar gach taobh, agus tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna. Saorfar Iosrael ó na Náisiúin 24 Ní bheidh na comharsana tarcaisneacha arís mar dhris a scríobann, nó mar dhealg a stróiceann muintir Iosrael. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna Dia. 25 “Seo mar a deir an Tiarna Dia: Nuair a bhaileoidh mé muintir Iosrael as na ciníocha ina bhfuil siad scaipthe, is mar seo a thaispeánfaidh mé mo naofacht ina measc os comhar na gciníocha. Cuirfidh siad fúthu ina dtír féin, an tír a thug mé do Iacób, mo sheirbhíseach. 26 Cuirfidh siad fúthu ann le muinín, tógfaidh siad tithe cónaithe, cuirfidh síos fíonghoirt; cuirfidh siad fúthu ann le muinín. Nuair a ghearrfaidh mé breithiúnas ar na comharsana tarcaisneacha uile, tuigfidh siad gur mise an Tiarna, a nDia.” |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart