Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Seanfhocal 10:29 - An Bíobla Naofa 1981

29 Dún daingean é an Tiarna d'fhear na beatha fíréanta, níl ann ach scrios do lucht an oilc a dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

29 Is neart do nionruic slighe an TIGHEARNA: acht bíaidh sgrios air lucht oibrighthe a néigceirt.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 10:29
16 Tagairtí Cros  

Nach tubaiste ar an gcoirpeach? Agus mí-adh ar lucht na hurchóide?


Óir is cúram don Tiarna slí na bhfíréan, ach rachaidh slí na n‑éagráifeach ar ceal.


Ná gabhadh an díomasach de chosa orm: ná caitheadh lámh an drochdhuine amach mé. 12b Féach mar a leagadh lucht déanta na hurchóide; tá siad ar lár agus ní fhéadann éirí.


Rachaidh na héagráifigh go léir ar ceal mar aon le naimhde an Tiarna. Is cosúil iad le háilleacht neamhbhuan an mhachaire agus rachaidh siad ar ceal ar nós deataigh.


Ag gabháil dóibh trí ghleann an tseirfin, feictear dóibh gur gleann na dtoibreacha é; líonann báisteach an earraigh le beannachtaí é.


Ní aithníonn fear na díchéille, ná ní thuigeann an t‑amadán an ní seo.


Ní chuireann an bás deireadh le dóchas an fhíréin, ach téann muinín lucht na haindiagachta amú.


Cosnaíonn an tsuáilce an fear dea-bheatha; milleann an urchóid an peacach.


Is lúcháir don fhíréan an ceart a chur i bhfeidhm, ach is uafás é do na hurchóidigh.


Ach an dream a bhfuil a súil leis an Tiarna, tagann neart úr iontu, éiríonn siad ar eití mar a bheadh iolair. Ritheann siad gan a bheith cortha, siúlann siad rompu gan tuirse a theacht orthu.


Cad ab áil le hEafráim d'íola feasta? Is mise a thugann éisteacht dó, agus a bheidh ag faire air. Táimse cosúil le crann úrghlas cufróige; más torthúil thusa, tá a bhuíochas sin ormsa.


Neartóidh mé sa Tiarna iad agus gluaisfidh siad ar aghaidh ina ainm, a deir an Tiarna.


Táim in ann gach ní a dhéanamh le cabhair an té úd a thugann neart dom.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí