Go mba fhada uait a leithéid a dhéanamh, an fíréan a chur chun báis mar aon leis an gciontach; d'fhágfadh sin an íde chéanna á tabhairt ar an bhfíréan agus ar an gciontach! I bhfad uait a leithéid! An amhlaidh nach ndéanfaidh breitheamh an domhain uile an ceart?”
A Thiarna, a Dhia Iosrael, de bharr d'fhíréantachta, fágadh fuíoll áir againn a tháinig slán mar atá anseo inniu; seo sinn anois i do láthair faoi ualach ár bpeacaí, agus dá bharrsan ní féidir d'aon duine seasamh i do láthair.”
Fuair tú dílis ó chroí os do chomhair é; Rinne tú conradh leis Go dtabharfa dó tír an Chanánaigh, An Hivigh agus an Amóraigh, An Phirizigh, an Iabúsaigh, an Ghiorgáisigh, Dó féin agus dá shliocht. Chomhlíon tú do ghealltanas, Óir is cóir é thú.
Is ceart atá tú, a Thiarna, nuair a dhéanaim casaoid ort. Ach lig dom pointe breithiúnais a cheistiú. Cad chuige a mbíonn an rath ar dhrochdhaoine? Go mbíonn siad siúd sona a dhéanann olc?
Tá sin amhlaidh mar gheall ar an uile olc a rinne siad, do mo bhrostú chun feirge, mar go ndeachaigh siad a loscadh túise agus a fhónamh do dhéithe eachtrannacha nárbh aithne dóibh féin ná daoibhse, ná do bhur sinsir.
Is cothrom cóir é an Tiarna; ach bhí mise easumhal dá ordú; éistigí, mar sin, a chiníocha uile, agus breathnaígí ar m'ainnise; tá mo mhaighdeana agus m'ógánaigh imithe uaim i mbraighdeanas.
agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna. Níor shiúil sibh de réir mo reachtanna agus níor chomhlíon sibh mo dheasghnátha; ach chleacht sibh gnásanna na gciníocha máguaird.’ ”