Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nihimiá 9:32 - An Bíobla Naofa 1981

32 Anois, dá bhrí sin, a Dhia linn, A Dhia mhór na cumhachta agus na heagla, Atá dílis do do chonradh agus buanseasmhach i do ghrá, Nára beag leat an ainnise go léir A tharla dúinne, dár ríthe, agus dár dtaoisigh, dár sagairt, dár bhfáithe, (dár sinsir), agus dár muintir go léir Ó ré ríthe na hAsaíre go dtí inniu féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

32 Anois ar a nadhbharsin ó ar Ndíane, an Día mór cumhachtach, agus úathbhásach, noch choimhlíonus cunnradh agus trócaire, na mímheastar ad lathair an buáidhreadh, noch tháinic oruinne, air ar ríoghuibh, air ar bprionnsadhuibh, agus air ar sagartuibh, agus air ar bhfáighibh, agus air ar naithribh, agus ar do phobal uile, ó aimsir rígh na Hassíria gus a niugh.

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 9:32
42 Tagairtí Cros  

Ansin, i láthair chomhthionól Iosrael go léir, sheas Solamh os comhair altóir an Tiarna, agus shín sé a lámha amach i dtreo na bhflaitheas


rinne Púl rí na hAsaíre ionradh ar an tír; thug Manachaem míle tallann airgid do Phúl d'fhonn go gcabhródh sé leis ag neartú lena ghreim ar an údarás ríoga.


I réimeas Pheacach mac Ramailiá tháinig Tigleat Pileisir rí na hAsaíre agus ghabh sé Íón, Abael Béit Mácá, Iánóa, Ceidis, Hazór, Gileád agus an Ghailíl, agus críocha Naftáilí go léir, agus dhíbir sé an pobal go léir go dtí an Asaír.


nó gur chaith an Tiarna Iosrael as a radharc de réir mar a gheall sé trí bhéal a shearbhóntaí go léir, na fáithe. Mar sin atá Iosrael san Asaír ar díbirt óna dtír féin go dtí an lá inniu.


Chuir Sealmaineisir rí na hAsaíre cogadh ar Hóiséa agus ghéill seisean dó agus thug cáin dó.


Sa naoú bliain de réimeas Hóiséa ghabh rí na hAsaíre an tSamáir agus dhíbir sé na hIosraelaigh chun na hAsaíre. Chuir sé ina gcónaí iad i Hala agus ar an Hábór, abhainn de chuid Ghózán, agus i gcathracha na Méideach.


Lena linn ghabh Forann Neaco, rí na hÉigipte, an bealach go dtí rí na hAsaíre ag abhainn an Eofrataes. Chuaigh Ióisíá rí ina choinne ach mharaigh Forann Neaco é sa chéad ionsaí ag Migideo.


Chuir siad mic Zidicíá chun báis os a chomhair; ansin bhain na súile as Zidicíá féin agus rug leo chun na Bablóine é faoi thromgheimhle.


agus na dreamanna eile a sheol Asurbanapal Mór amach agus a bhunaigh sé sa tSamáir agus sa chúige thar Eofrataes.


tháinig siad go Zarubáibil [agus go Iéisiúa] agus go cinn na bhfiní, agus dúirt siad: “Ba mhaith linn tógáil in bhur dteannta, mar adhraimid bhur nDia bhur ndála féin, agus tá íobairt á déanamh againn chuige ó aimsir Éasar Hadón rí na hAsaíre a thug anseo sinn.”


“Agus anois tar éis ar bhain dúinn de bharr ár ndrochghníomhartha agus ár mórchiontachta - cé go ndearna tusa, a Dhia, ár gcionta a mheas níos éadroime ná mar is cóiriúil iad agus gur fhág tú an fuíoll áir seo anseo againn -


Agus dúirt mé: “A Thiarna, a Dhia neimhe, a Dhia mhór an imeaglaithe, a chothaíonn conradh agus cairdeas buan leo seo a thugann grá duit agus a chomhlíonann d'aitheanta,


Buailigí bhur mbosa, a chiníocha uile; glaoigí ar Dhia le gártha gairdis!


Abraigí le Dia: “Nach éachtach iad d'oibreacha! Tá de mhéid do nirt, a Thiarna, go mbíonn do naimhde ag lútáil i do láthair.


Téanaigí agus féachaigí oibreacha Dé - na héachtaí a rinne sé idir daoine.


Ansin d'eachtraigh Maois d'athair a chéile a ndearna an Tiarna le Forann agus leis na hÉigiptigh mar mhaithe le clann Iosrael, agus a dtainig de chruatan orthu ar an mbealach agus conas a d'fhuascail an Tiarna iad.


Níl teorainn lena thiarnas ná críoch lena shíocháin ar chathaoir ríoga Dháiví agus ar a ríogacht, ag cur bun agus taca leo, sa cheart agus san fhíréantacht feasta go brách. - Díograis dhílis an Tiarna a chuirfidh sin i gcrích.


Mura n‑éisteann sibh liom dá ainneoin sin, déanfaidh mé sibh a phionósú arís faoi sheacht de bharr bhur bpeacaí.


Má chuireann sibh i m'aghaidh agus gan éisteacht liom, leagfaidh mé na plánna sin oraibh mar phionós faoi sheacht de bharr bhur bpeacaí.


cuirfidh mise chomh maith mé féin in bhur n‑aghaidhne, agus buailfidh mé le pionós faoi sheacht sibh de bharr bhur bpeacaí.


cuirfidh mé in bhur n‑aghaidh le fraoch feirge, agus leagfaidh mé pionós faoi sheacht oraibh de bharr bhur bpeacaí.


“Éist leis na dlíthe seo agus bí dílis dóibh agus coimeád iad agus beidh an Tiarna, do Dhia, dílis don chonradh agus don bhuanghrá a mhionnaigh sé do d'aithreacha.


Tabharfaidh sé grá duit, beannacht duit agus méadóidh sé do líon. Cuirfidh sé a bheannacht ar thoradh do bhroinne agus ar thoradh do thalún - d'arbhar, do fhíon, agus d'ola, an bhreis ar do tháin bó agus ar do thréad caorach, sa tír a mhionnaigh sé do do shinsir a thabharfadh sé duit.


Ná bíodh aon eagla ort rompu, óir tá an Tiarna do Dhia in bhur measc, agus is mór agus is uafar an Dia é.


Bíodh a fhios agat dá bhrí sin gur Dia dáiríre an Tiarna do Dhia, Dia dílis a choimeádann a chonradh agus a bhuanghrá ar feadh míle glúin ina leith siúd a ghránn é agus a chomhlíonann a aitheanta,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí