Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nihimiá 9:31 - An Bíobla Naofa 1981

31 Ach, le barr grá, níor chuir tú deireadh leo, Níor thréig tú ar fad iad, Mar is Dia lách cineálta thú.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

31 Thairis sin ar son do thrócaire móire níor dhíthlaithrigh tú thríd a mach íad, níor thréig tú íad; óir is Día grasamhuil trócaireach thú.

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 9:31
15 Tagairtí Cros  

Ach bhí an Tiarna cneasta leo agus ghlac trua dóibh, agus d'iompaigh chucu de bharr an chonartha a rinne sé le hAbrahám, le hÍosác, agus le Iacób, agus níorbh áil leis iad a scrios, ná níor dhíbir sé as a láthair iad (fós).


Má fhilleann sibh ar an Tiarna gheobhaidh bhur ngaolta agus bhur gclann fabhar i láthair lucht a ngafa agus fillfidh siad ar an tír seo. Óir is grámhar trócaireach é an Tiarna bhur nDia; má fhilleann sibh air ní iompóidh sé a ghnúis uaibh.”


Dhiúltaíodar géilleadh, gan cuimhne acu ar na hiontais A rinne tú dóibh. D'éirigh siad ceanndána, Agus [rith sé leo] fiú filleadh ar an Éigipt, agus ar a ndaoirse. Ach is Dia maithiúnais thú, Lán de chineáltas agus de thrócaire, Mall chun feirge, gan teorainn le do bhuanghrá; Níor thréig tú iad.


Le barr trócaire ní dhearna tú iad a thréigean san fhásach; An colún néil a threoraigh iad sa lá Níor fhág sé iad, Ná an colún tine san oíche, Leis an mbealach a bhí rompu a shoilsiú dóibh.


Ar son m'ainm chuirinn m'fhearg ar cairde, ar mhaithe le mo chlú choinninn srian léi agus ní bhrisinn thú.


Óir is mar seo a deir an Tiarna: “Scriosfar an tír ar fad, cuirfidh mise críoch leis den turas deireanach;


Dreapaigí suas ar a sraitheanna: Scriosaigí! Críochnaígí ar fad í! Bainigí anuas di a briongláin, ní leis an Tiarna iad.


“Ach sna laethanta sin féin - an Tiarna a labhraíonn - ní scriosfaidh mé ar fad sibh.


Tuile gan trá is ea buanghrá an Tiarna agus ní théann tobar a thrócaire i ndísc.


Óir is Dia trócaireach an Tiarna do Dhia; ní thréigfidh sé thú, ná thú a scrios, ná ní dhéanfaidh dearmad ar an gconradh a rinne sé le bhur n‑aithreacha faoi bhrí na mionn.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí