“Rinne mé é,” arsa Abrahám, “mar gur mheas mé nach mbeadh aon eagla Dé ar aon chor san áit seo agus go maródh na daoine mé de bharr mo mhná.
Nihimiá 5:9 - An Bíobla Naofa 1981 Lean mé orm dá bhrí sin: “Is olc an rud é seo atá ar siúl agaibh. Nár chóir daoibh siúl ar chosán eagla Dé agus fonóid na gciníocha, ár naimhde, a sheachaint? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus mar an ccéadna a dubhairt mé, Ni maith an ní do níthí: nach ar chóir dhíbhse siubhal a neagla ar Ndé do bhrígh masla na ngeinteadh ar námhad? |
“Rinne mé é,” arsa Abrahám, “mar gur mheas mé nach mbeadh aon eagla Dé ar aon chor san áit seo agus go maródh na daoine mé de bharr mo mhná.
Ar an tríú lá dúirt Iósaef leo: “Déanaigí mar seo, agus ní baol daoibh an bás, mar is duine mé ar a bhfuil eagla Dé;
Ach ó thug tú barr masla don Tiarna tríd an ngníomh seo, gheobhaidh an leanbh a ghin tú bás.”
Ach chrom Iúdá ar ghearán: “Tá neart an lucht iompair ag teip agus is mór a bhfuil de luaithreach ann fós; ní chuirfimid críoch leis an mballa go deo.”
Thugas-sa agus mo ghaolta agus mo sheirbhísigh iasacht airgid agus arbhair dóibh chomh maith. Ach maithimis na fiacha sin.
Ach na gobharnóirí a ghabh romham, ba ualach iad ar an bpobal; dhéanaidís daichead seicil airgid a thobhach [mar bheatha lae], agus bíodh leatrom á dhéanamh ag a seirbhísigh ar an bpobal chomh maith. Ach ní dhearna mise a leithéid, mar go raibh eagla Dé orm.
Cé a chuimhníonn ar chumhacht do chuid feirge; cé a mbíonn eagla air roimh neart do bhuile?
Cuireann an foréigneach a chomharsa ar seachrán, agus meallann é ar bhóthar nach fónta.
Níl sé cóir pionós a chur ar an bhfíréan, ach is measa fós an t‑uasal a bhualadh.
Ní maith í an díograis gan an machnamh; an té a bhrostaíonn a chéim, cailleann sé an tslí.
Ráitis leis na saoithe iad seo inár ndiaidh chomh maith: Ní cóir é an leathchuma i mbreithiúnas.
Agus anois, thruailligh siad m'ainm naofa i measc na gciníocha cibé áit a ndeachaigh siad, ionas go ndeirtear fúthu: ‘Sin iad pobal an Tiarna, ach tá siad ar deoraíocht óna thír.’
Ná héiligh ús ná ioncamas uaidh; bíodh eagla do Dhé ort agus lig do do dheartháir maireachtáil farat.
Mar sin bhí síocháin ag an Eaglais ar fud Iúdáia go léir agus na Gailíle agus na Samáire. Lean sí á tógáil féin agus ag dul chun cinn faoi eagla an Tiarna agus ag dul i méid le cabhair an Spioraid Naoimh.
Mar de réir an scrioptúir: “Is sibhse faoi deara ainm Dé a bheith á mhaslú i measc na ngintlithe.”
B'fhearr liom dá bhrí sin go bpósfadh na baintreacha óga agus go dtógfaidís clann agus go mbeidís i mbun tí agus gan aon deis a gcáinte a thabhairt don namhaid.
agus bheith ciallmhar, geanmnaí, tíosach, cineálta agus faoi smacht a bhfear, le heagla go gcaithfí dímheas ar bhriathar Dé.
Bíodh bhur n‑iompar i measc na ngintlithe gan cháim, i dtreo, má cháineann siad anois sibh mar lucht míghníomhartha, go bhfeicfidh siad bhur ndea-oibreacha agus go molfaidh siad Dia dá gcionn ar lá an fhiosraithe.
Mo náire, a mhaca, ní aon scéalta fónta fúibh a chluinim á scaipeadh ag pobal an Tiarna.