Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Títeas 2:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 agus bheith ciallmhar, geanmnaí, tíosach, cineálta agus faoi smacht a bhfear, le heagla go gcaithfí dímheas ar bhriathar Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 agus bheith modhúil, geanmnaíoch, ina ndea-mhná tí, caomhúil, umhal dá gcéilí fir, ar eagla míchlú a tharraingt ar bhriathar Dé.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 bheith stuamdha, geanmaidhe, go dícheallach i ngnóthaibh an tighe, bheith cáirdeamhail, umhal d’á bhfearaibh féin, chum nach maslóchar briathar Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Measárrgha, geanmnuidh, comhnuigheach na dtighthibh, maith, úmhal da bhfearuibh féin, deagla bhréithre Dé do mhaslughadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 agus a bheith ciallmhar, geanmnaí, tíosach, cineálta agus faoi smacht a bhfear, le heagla go gcaithfí dímheas ar bhriathar Dé.

Féach an chaibidil Cóip




Títeas 2:5
22 Tagairtí Cros  

Agus chuireadar ceist air: “Cá bhfuil do bhean Sárá?” “Tá sí sa bhoth,” ar sé.


Dúirt sé leis an mbean: “Méadóidh mé go mór ar do thinneas ag breith clainne. Béarfaidh tú clann agus tinneas ort. Beidh mian chun do chéile ort ach beidh sé i gceannas ort.”


Ach ó thug tú barr masla don Tiarna tríd an ngníomh seo, gheobhaidh an leanbh a ghin tú bás.”


Cá fhad a bheidh an t‑eascara go tarcaisneach, a Dhia; an dtabharfaidh an namhaid masla do d'ainm go brách?


Báirseach gan iontaoibh í, nach dtéann suaimhneas ar a cosa sa bhaile.


Bhí in Iopae bandeisceabal darbh ainm Taibít (Dorcas sa Ghréigis, focal a chiallaíonn “eilit”). Bean ba ea í a raibh a saol tugtha aici i mbun carthanachta agus déirce.


D'éirigh Peadar agus tháinig lena gcois. Ar shroichint na háite dó thug siad in airde chun an tseomra uachtaraigh é. Tháinig na baintreacha go léir chuige ag sileadh deor agus ag taispeáint dó na léinte agus na gcótaí a dhéanadh Dorcas dóibh fad a bhí sí ina beatha.


Agus ná tarraingítear míchlú ar an maith seo agaibh,


Mar de réir an scrioptúir: “Is sibhse faoi deara ainm Dé a bheith á mhaslú i measc na ngintlithe.”


Ba mhaith liom go dtuigfeadh sibh, áfach, go bhfuil Críost ina cheann ar gach fear, go bhfuil an fear ina cheann ar a bhean agus go bhfuil Dia ina cheann ar Chríost.


fanadh na mná ina dtost sna heaglaisí. Níl aon chead labhartha acu ach iad a bheith faoi smacht mar a deirtear sa dlí.


Ar aon chuma grádh gach duine agaibhse a bhean mar é féin agus tugadh an bhean ómós dá fear.


A mhná, bígí faoi smacht bhur bhfear céile mar is dual sa Tiarna.


agus teist na ndea-oibreacha a bheith uirthi, is é sin le rá, gur thóg sí clann, go raibh sí go fial fáilteach le strainséirí, gur nigh sí cosa na naomh, gur fhóir sí ar lucht na hainnise agus go raibh sí tugtha do gach cineál dea-oibreacha.


Iad sin atá faoi chuing na daoirse, tuigidís ina n‑aigne go bhfuil gach ómós ag dul dá máistrí le heagla go gcaithfí dímheas ar ainm Dé agus ar an teagasc.


d'fhonn a thabhairt ar na mná óga bheith ceanúil ar a bhfir chéile agus ar a bpáistí


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí