Nihimiá 5 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil V. Gainne a measc an phobail, 6 do spreig Nehemiah coimhégniughadh na mbochd. 14 A fhéile agus a oidheachd féin. 1 Agus do bhí gártha móra ag an pbobal agus agá mnaibh a naghaidh a ndearbhráithreach na Iuduighe. 2 Oír do bhí cuid díobh a dubhairt, Atámuidne, ar míc, agus ar ningheana, iomad: uimesin tógbheamuid arbhar súas doíbh, chor go nitheamaóis bíadh, agus go mbéaimis béo. 3 Do bhí cuid oile mar an gcéadna a dubhairt, Do chuireamar ar bhfearann a ngeall, ar bhfíneamhuin, agus ar ttighthe, le cceainneochaimis arbhar, do bhrígh na gorta. 4 Do bhí fós cuid oile a dubhairt, Do ghabhamar airgiod airligthe chum cíosa an rígh, agus sin air ar bhfearannuibh agus ar bhfíneamhnuibh. 5 Gidheadh anois is ionann ar bhfeóil agus feóil ar ndearbhráithreach, ar cclann mar a ccloinnsion: agus, féuch, do bheirmíd a serbhís ar mic agus ar ningheana dá mbeith na searbhfhoghantuibh aca, agus cuid dar ningheanuibh ar ndul a mbruid cheana féin: agus ní bhfuil air ar ccumhachduibh a bhfuascladh; óir atáid ar bhfearuinn agus ar bhfíneamhna ag daóinibh oile. 6 ¶ Agus do bhí misi lán dfeirg a núair do chúala mé a ccomhairc. Agus na bríathrasa. 7 Annsin do chomhairligh mé riom féin, agus thug mé imdheargadh do na huáislibh, agus do na húachdaranuibh, agus a dubhairt mé ríu. Coimhégnidhthi gach aonduine aguibh úalach air a dhearbhrathair. Agus do shuighidh mé oireachtus mór na naghaidh. 8 Agus a dubhairt mé ríu, Sinne do réir ar ccumuis, dfúasglamar ar ndearbhráithre na Iúduighe, noch do reacadh ris na geintibh; agus an reacfuidhesi cheana bhur ndearbhráithre? nó an reacfuighthear rinne íad? Annsin do thochdadar, agus ní bhfuaradar ní do fhreagóraidís. 9 Agus mar an ccéadna a dubhairt mé, Ni maith an ní do níthí: nach ar chóir dhíbhse siubhal a neagla ar Ndé do bhrígh masla na ngeinteadh ar námhad? 10 Dféadfuinnsi fós, agus mo dhearbhraithre, agus mo sheirbhísigh, airgiod agus arbhar do choimhéigniughadh úatha: guidhim sibh, léigiom dhínn an úalach. 11 Guidhim sibh, aisigidh, dhóibh, a niugh féin, a bhfearuinn, a bhfíneamhna, a lubhgoirt ola, agus a ttighthe, agus mar an ccéadna an céadmhadh cuid do nairgiod, agus do narbhar, do nfíon, agus do nola, do bheanabhair dhíobh. 12 Ann sin dubhradarsan, Aiseogam, agus ní íarrfam éinní orra; mar a deir tusa is marsin do dhéanam. Annsin do ghoir mé na sagairt, agus do bhean mé mionna dhíobhsan, go ndéanaidis do réir na geallamhnasa. 13 Mar an ccéadna do chroith mé mucht, agus a dubhairt mé, Go ccroithidh Día marso amach as a thigh, agus as a shaothar, an té nach ccoimhéolluidh an gealladhsa, gu madh marso chroithfighthear amach, agus fhoilmheochthar é. Agus a dubhairt an comhchruinniughadh uile, Amen, agus do mholadar an TIGHEARNA. Agus do rinneadar na daóine do réir na geallamhnasa 14 ¶ Os a chionn sinn ó nam fár hórduigheadh misi do bheith am úachtarán a bhfearann Iúdah, ón bhfithchiodmhadh blíadhain go nuige an dara blíadhuin déug ar fhithchid do Artacsercses an rígh, dhá bhlíadhuin déag, níor ith mé féin nó mo dhearbhráithre arán a núachdaráin. 15 Acht na húachdarain do bhí romham do bhádar costasach don phobal, agus do ghlacadar arán agus fíon úatha, táobh a muigh do cheathrachad secel airgid; do bhí fós, agá sherbhíseachaibh ríaghuil ós cionn an phobail: acht ní dhéarnuidh misi marsin, ar eagla Dé. 16 Dfan mé fós, a nobair an bhallaso, níor cheanchamar dúithche ar bith: agus do cruinnigheadh mo sherbhisigh uile annsin chum na hoibre. 17 Tuilleamh fós, do bhí ar mo bhórd céad agus cáogad do na Iúduighibh agus do na húachdaránuibh, táobh amuigh dá ttigeadh chuguinn as measc na ngeinteadh atá air gach taóibh dhínn. 18 Anois gach a ngiéustaói dhamhsa go laetheamhuil budh aondamh agus sé caóirigh toghtha íad; mar an gcéadna do gléastaoi éanlaith dhamh, agus uáir annsna deich lá mórán dá gach sórt fíona: gidheadh ar a shon sin uile níor íarr me arán a núachdaráin, do bhrígh go raibh an daóirsine trom ar an bpobal. 19 Smuáin orumsa, ó mo Dhía, chum maitheasa, do réir a nuile ní dá ndéarna mé ar son an phobailsi. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society