Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Nihimiá 1:9 - An Bíobla Naofa 1981

ach má fhilleann sibh agus m'aitheanta a choimeád agus a chleachtadh, fiú dá mbeadh bhur ndíbeartaigh ar fán thar íor na spéire is faide i gcéin, déanfaidh mé iad a chruinniú ón áit sin agus a thabhairt ar ais chun na háite a roghnaigh mé le m'ainm a lonnú ann.’

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Acht má fhilltighe chugam, agus maitheanta do choimhéad, agus a ndéanamh: dá mbeadh go tteilgfidhe amach cuid aguibh gus an ccuid is sía uáibh do neamh, gidheadh do bhéara misi as sin íad, agus crumneocha mé íad don náit do thogh mé do chur manma ann.

Féach an chaibidil



Nihimiá 1:9
28 Tagairtí Cros  

má thagann ciall dóibh i dtír a ndeoraíochta agus go ndéanfaidh siad aithrí, agus guí a chur chugat i bhfearann lucht a gcloíte á rá: ‘Pheacaíomar, rinneamar an t‑olc agus an peaca,’


Dúirt an Tiarna leis: “D'eist mé le d'urnaí agus leis an achainí a rinne tú os mo chomhair. Choisric mé an teach seo a thóg tú, agus chuir mé m'ainm ann go brách; beidh mo shúile agus mo chroí ann go brách na breithe.


Abraigí: “Tarrthaigh sinn, a Dhia ár slánaithe; Cruinnigh le chéile sinn agus fuascail sinn ó lár na gciníocha; Ionas go gceiliúrfaimis d'ainm naofa, Agus go mbeadh mórtas orainn do do mholadh.


An Dia a chuir a ainm chun lonnaithe ann, go dtreascra sé aon rí nó aon dream a mbeidh sé de dhánaíocht iontu é seo a shárú agus Teampall Dé in Iarúsailéim a scrios! Mise, Dáire, a thug an forógra seo. Déantar é a chomhlíonadh go beacht!”


Tarrthaigh sinn, a Thiarna, ár nDia; bailigh le chéile sinn as measc na náisiún go dtugaimis buíochas do d'ainm naofa, is go ndéanaimis do mholadh a chanadh.


agus a chruinnigh sé ó thíortha i gcéin, anoir, aniar, aneas agus aduaidh.


Tá an Tiarna ag atógáil Iarúsailéim; tá sé ag bailiú díbeartaigh Iosrael le chéile.


Cuirfidh sé comhartha in airde le haghaidh na náisiún, agus baileoidh sé ar díbríodh as Iosrael le chéile; cruinneoidh sé muintir scaipthe Iúdá ó cheithre arda an domhain.


An lá sin, déanfaidh an Tiarna an grán a bhualadh ó shruth na hAbhann go caise na hÉigipte, agus baileofar sibh aon ar aon, a chlann Iosrael.


Seo é briathar an Tiarna Dia a chruinníonn muintir scaipthe Iosrael. Cruinneoidh mé tuilleadh fós in éindí leo siúd atá cruinnithe cheana.


Ach tar éis dom iad a tharraingt amach beidh trua agam dóibh agus tabharfaidh mé ar ais iad, gach uile dhuine chun a oidhreachta, gach aon duine chun a dhúiche.


“Filligí a chlann mhídhílis - is é an Tiarna a labhraíonn - óir is mise amháin bhur máistir. Glacfaidh mé duine as cathair, beirt as clann agus tabharfaidh mé sibh go Síón.


Éistigí briathar an Tiarna, sibhse a chiníocha! Insígí é seo do na hoileáin in imigéin: ‘An té a scaip Iosrael, cruinneoidh sé é, cumhdóidh sé é mar a dhéanann aoire a thréad.’


Cruinneoidh mise iad as na tíortha uile inar dhíbir mé iad i m'fhearg, i m'fhraoch agus i mo chuthach mór. Tabharfaidh mé ar ais don áit seo iad agus tabharfaidh mé orthu cónaí go sábháilte.


Is mar seo a deir an Tiarna: “Anois tá cine ag teacht ón tír thuaidh, ó chríocha imigéiniúla na talún gluaiseann náisiún mór;


“Dá bhrí sin, abair le muintir Iosrael: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Déanaigí aithrí, iompaígí ó bhur n‑íola agus tréigigí bhur n‑imeachtaí gránna uile.


Bainfidh mé amach sibh as na ciníocha agus baileoidh sibh le chéile ó na coigríocha go léir agus tabharfaidh mé sibh abhaile chuig bhur dtír dhúchais.


Má mhaireann tú de réir mo dhlíthe, agus má choimeádann tú m'aitheanta agus iad a chomhlíonadh,


Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Sábhálfaidh mé mo phobal ón domhan thoir agus ón domhan thiar.


Agus cuirfidh sé a chuid aingeal amach le trumpa mórghlórach ag bailiú a chuid tofach as na ceithre hairde, ó cheann ceann na bhflaitheas.”


Má bhíonn an áit a thoghann an Tiarna do Dhia lena ainm a chur ann rófhada ó bhaile, is ceadmhach duit ainmhí den táin nó den tréad a thug an Tiarna duit a mharú mar a d'aithin mé duit; ní cás duit oiread agus is áil leat a ithe i do bhailte.


ach an áit a thoghfaidh an Tiarna bhur nDia as bhur dtreibheanna go léir chun a ainm a chur ann agus le lonnú ann, sin é bhur sprioc, agus téigí ansiúd.


“Nuair a thiocfaidh na nithe seo go léir sa mhullach ort, an bheannacht agus an mhallacht a chuir mé romhat, má thugann tú chun cuimhne iad i measc na náisiún go léir, mar a dtiomáinfidh an Tiarna do Dhia thú,