Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Nihimiá 1 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil I. Trosgadh, 5 agus urnaigh Nehemiah a leith Ierusalem.

1 Briathra Nehemiah mhac Hachaliah. Agus tárla a mí chislen, annsa bhfithchiodmhadh bliadhain, mar do bhí mé a bpálas Shúsan,

2 Go ttáinic Hánani, áon dom dhearbhraithribh, é féin, agus daóine áirigh do Iúdah; agus dfíafruigh misi dhíobh do thaoibh na Níuduigheadh do chuáidh as, noch do fágbhadh do na daóirsineachaibh, agus a ttaobh Ierusalem.

3 Agus a dubhradar riom, An fuighioll do fágbhadh do na braighdibh anusin ansa bprobhins atáid a mbuáidhreadh mhór agus a míochlú: do briseadh sios balladha Ierusalem mar an gcéadna, agus do loisgeadh a geatadh le teine.

4 Agus tárla, an tan do chúala misi na bríathraso, gur shuigh mé síos, agus gur ghuil mé, agus go ndéarna me doilghios laéthe áirigh, agus gur throisg mé, agus gur ghuidh mé a bhfiadhnuise Dé neimhe,

5 ¶ Agus a dubhairt mé, larruim dathchuinge ort, a THIGHEARNA Día neimhe, an Día mór úathbhásach, choimheadus cunnradh agus trócaire don mhéid ghrádhuighéas é, agus choimhéadas a aitheanta:

6 Biodh do chlúas a nois fuireachuir, agus do shúile foscuilte, lé ccluinfe tú urnaigh do sherbhísigh, noch do ním a nois ad fhiaghnuisi, do ló agus doidhche, ar son chloinne Israel do sherbhísigh, agus ag admháil peacaidh chloinne Israel, noch do pheacuigheamar ad aghaidh: misi ar aon agus tigh mathar do pheacuigheamar.

7 Do rinneamar go ro thruáillighthe ad aghaidhsi, agus níor choimhéadamar na haitheanta, náid na reachda, náid na breitheamhnuis, do aithin tú dot sherbhíseach Máoise.

8 Guidhim thú, cuimhnigh, an focal do aithin tú dot sherbhíseach Maóise, gha rádh, Má chiontuidhe, sgaóilfe misi amach sibh ar feadh na ccríoch:

9 Acht má fhilltighe chugam, agus maitheanta do choimhéad, agus a ndéanamh: dá mbeadh go tteilgfidhe amach cuid aguibh gus an ccuid is sía uáibh do neamh, gidheadh do bhéara misi as sin íad, agus crumneocha mé íad don náit do thogh mé do chur manma ann.

10 Anois is íadso do sherbhísigh agus do phobal, noch do sháor tú le do chumhachd mhóir, agus le do láimh láidir.

11 O a THIGHEARNA, guidhim thú, bíodh do chlúas a nois aireach do ghuidhe do sherohisigh, agus do ghuidhe do sherbhíseach ar a bhfuil fonn eagla hanma do bheith orra: agus soirbhigh dot sherbhiseach a niugh, iarruim dathchuinghe ort, agus déonuidh trócaire dhó as coinne an duinesi. Oír bá misi giolla cupáin an rígh.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí