Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Nihimiá 1:4 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus tárla, an tan do chúala misi na bríathraso, gur shuigh mé síos, agus gur ghuil mé, agus go ndéarna me doilghios laéthe áirigh, agus gur throisg mé, agus gur ghuidh mé a bhfiadhnuise Dé neimhe,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 Nuair a chuala mé na focail sin, shuigh mé síos agus bhris mo ghol orm, agus chaoin mé lá i ndiaidh an lae agus mé ar troscadh agus ag guí i láthair Dhia neimhe.

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 1:4
22 Tagairtí Cros  

Uime sin do ghuidh Dáibhi Día fá an leanamh; agus do throisg Dáibhi, agus do chuáidh a steach, agus do luidh feadh na hoidhche ar an talamh.


Do bhrigh go raibh do chroidhe máoth, agus gur umhluigh tú thú féin a lathair an TIGHEARNA, a nuáir do chúala tú cred do labhair misi a naghaidh na háitesi, agus a nagháidh a haitreabhach, go mbéidis na bhfásach agus na mallachduin, agus gur réub tú héadach, agus gur ghuil tú am fhíadhnuise; do chúala misi mar an gcéadna thú, a deir an TIGHEARNA.


(Oír do rinne Solamh scafal práis, do chúig cubhaid ar fad, agus cúig cubhaid ar leithead, agus trí cubhaid ar áirde, agus do chuir a lár na cúirte é: agus is air sin do sheas sé, agus do leíg a ghlúine fáoi as coinne chomhchruinnigh Israel uile, agus do leathnuigh sé a lámha amach leath re neamh,)


Is marso a deir Círus rígh na Persia, Thug an TIGHEARNA Día nimhe dhamhsa uile rioghachta na talmhan; agus do chur sé do chúram orm tigh do dhéanamh dhó ann Ierusalem, noch atá an Iúdah.


Anois an tan do ghuidh Esra, agus a núair do admhuimh sé, ag gul agus da theilgion féin ar lár a bhfiaghnuise thighe Dé, do chruinnigh chuige as Israel coimhthionól romhór fear agus ban agus leanabh: óir do chaóidheadar an pobal go ro ghéar.


Agus a núair do chúala misi an nísi, do bhris mé méadach agus mfalluing, agus do tharruing mé grúag mo chinn agus mféusóige, agus do shúigh mé siós ar líthiughadh.


¶ Agus ag íodhbuirt an tráthnóna déirigh mé súas as mo dhóbhrón; agus íar mbriseadh méaduigh agus mfalluinge dhamh, do léig mé ar mo ghlúinibh mé, agus do leathnuigh mé mo lámha amach chum mo THIGHEARNA Dé.


Annsin do fhreagair misi íad, agus a dubhairt mé ríu, Cuirfe Día neimhe, air ar naghaidh sinn; uimesin sinne a sherbhísigh éireochum, agus do dhéanam obair: acht ní bhfuil roinn, nó ceart, nó chimhniughadh aguibhsi ann Ierusalem.


Annsin a dubhairt an rígh riomsa, Cred é an ní atá tusa díarruidh? mar sin do ghuidh misi chum Dé neimhe.


Ionnus go mbía eagla air na geintibh roimhe ainm an TIGHEARNA, agus air uile ríghthibh na talmhan roimhe do ghlóir.


Moluidh Día nimhe: óir mairigh a thrócaire choidhche.


Laimh ré srothaibh Bhabilón, ann sin do shuigheamar, do ghuileamar, fós, mar do chuimhnigheamar Síon.


Annsna laéthibhsin do bhí misi Dániel ag doilghios trí seachdmhuine iomlána.


Go níarradaois grása ar Dhía neimhe a ttáobh na secréidesi; chor nach báiseochaidh Dániel, nó a chompánuigh maille ris an ccuid oile do dhaóinibh ghoca na Babilóine.


¶ Agus do chuir mé maghaidh air an Tighearna DIA, dá íarruidh le hurnuigh agus lé gearánuibh, maille re trosgadh, agus le saicéadach, agus lé luáithreadh.


Agus a dubhairt seision ríu, Eabhradhach mé; agus atá eagla an TIGHEARNA, Día neimhe orum, noch do rinne a nfairge agus an talamh tirim.


Cruinneocha mé an drong atá dóbrónach ar son an choimhthionoil shollamonta, noch atá dhíotsa, dá raibh a mhasla na úalach.


Bíodh gairdeachus oráibh ma ráon ris an muinntir ar a bhfuil gairdeachus, agus bígidh ag cáoi maráon ris an muinntir do ní cáoi.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí