Ormsa, ormsa a bhí sé gach rud a chur ar ceal agus gan do pheacaí a mheabhrú níos mó.
Matha 9:6 - An Bíobla Naofa 1981 Ach chun go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil údarás ag Mac an Duine ar an talamh chun peacaí a mhaitheamh” - dúirt sé ansin leis an bpairiliseach: “Éirigh, tóg leat do leaba agus gabh abhaile.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach sa chaoi go mbeidh fhios agaibh an t‑údarás atá ag Mac an duine ar an talamh le peacaí a mhaitheamh”— ar seisean ansin leis an bpairiliseach—“Éirigh, tóg ort do leaba agus siúil leat abhaile.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht chun go raibh a fhios agaibh go bhfuil cumhacht ag Mac an Duine ar talamh peacaidhe a mhaitheamh, dubhairt sé annsin leis an fhear a raibh an galar creathach air: Éirigh, tóg suas do leabaidh, agus gabh abhaile chun do thighe. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht, chum go mbéidh a fhios agaibh go bhfuil ar chumas do Mhac an Duine ar talamh peacaidhe do mhaitheamh (adubhairt sé annsin leis an bhfear pairiliseach), Éirigh, tóg do leaba, agus imthigh chum do thighe. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd do chum mbeith a fhios agaibh go bhfuil cumhachda ag Mac an duine peacaigh do mhaitheamh ar an ttalamh, (a deir sé an tansin ré fear na pairilise,) Erigh, tógaidh do leabaigh, agus imthigh dod thigh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach ionus go mbeadh fhios agaibh go bhfuil ag Mac an Duine cómhacht ar an dtalamh so chun peacaí a mhaitheamh (dubhairt sé leis an bhfear a bhí gan lúth) Eirigh-se, agus tóg suas do leabaidh, agus imthigh chun do thighe féin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach chun go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil údarás ag Mac an Duine ar an talamh chun peacaí a mhaitheamh”–dúirt sé ansin leis an bpairiliseach: “Éirigh, tóg leat do leaba agus gábh abhaile.” |
Ormsa, ormsa a bhí sé gach rud a chur ar ceal agus gan do pheacaí a mheabhrú níos mó.
Cén Dia atá cosúil leatsa? Óir tógann tú peacaí chun siúil agus maitheann tú a gcionta d'fhuílleach d'oidhreachta; ní buan í do chuid feirge agus is áil leat an buanghrá.
Chuaigh a chlú ar fud na Síre go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sort galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad.
Dúirt Íosa leis: “Tá pruchóga ag na sionnaigh agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann.”
Tugadh pairiliseach chuige ina luí ar leaba. Nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, dúirt sé leis an bpairiliseach: “Bíodh misneach agat, a mhic! tá do pheacaí maite.”
Cé acu is fusa a rá, más ea: ‘Tá do pheacaí maite’; nó a rá: ‘Éirigh agus siúil’?
Ach chun go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil údarás ag Mac an Duine ar an talamh peacaí a mhaitheamh” - dúirt sé leis an bpairiliseach:
“Cad a bheir dó seo labhairt mar sin? Is diamhasla dó é. Cé fhéadann peacaí a mhaitheamh ach amháin Dia?”
Agus thosaigh na scríobhaithe agus na Fairisínigh ag smaoineamh: “Cé hé seo a labhraíonn diamhaslaí? Cé a fhéadann peacaí a mhaitheamh ach Dia amháin?”
Tá an bheatha shíoraí agam á tabhairt dóibh, agus ní chaillfear go deo iad, ná ní fhuadóidh aon duine as mo láimh iad.
faoi mar a thug tú cumhacht dó ar an uile dhuine, ionas, gach duine a thug tú dó, go dtabharfaidh sé an bheatha shíoraí dóibh.
D'ardaigh Dia ar a dheis féin é ina phrionsa agus ina shlánaitheoir chun aithrí agus maithiúnas peacaí a thabhairt d'Iosrael.
Labhair Peadar leis: “A Aenéas,” ar sé, “tá Íosa Críost do do leigheas. Éirigh i do shuí agus cóirigh do leaba.” Agus d'éirigh sé láithreach.
An té a maitheann sibhse dó, maithimse dó chomh maith. Mar cibé ní a mhaith mise dó, is ar mhaithe libhse a rinne mé é i bhfianaise Chríost
Dá réir sin is ambasadóirí thar ceann Chríost sinne mar gur trínne atá Dia ag achainí. Is é a impímid oraibh in ainm Chríost athmhuintearas a dhéanamh le Dia.
Bígí muinteartha le chéile agus atruach, ag maitheamh dá chéile faoi mar mhaith Dia daoibh féin i gCríost.
Cuirigí suas le chéile agus cibé locht a bhíonn ag duine agaibh ar dhuine eile maithigí dá chéile é; faoi mar a mhaith an Tiarna daoibh, déanaigí-se mar an gcéanna.