Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 17:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 faoi mar a thug tú cumhacht dó ar an uile dhuine, ionas, gach duine a thug tú dó, go dtabharfaidh sé an bheatha shíoraí dóibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 ó tá cumhacht tugtha agat dó os cionn a bhfuil i gcolainn dhaonna, leis an mbeatha shíoraí a bhronnadh ar an dream a bhronn tú air.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Amhail mar thug tú cumhacht dó ar gach uile fheoil, chun go dtabharadh sé beatha shíorraidhe do gach aoinneach dá dtug tú dó.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 fá mar thugais dó cumhacht ar gach a bhfuil beo, ionnas, gach a dtugais dó, go dtiubhradh sé an bheatha shíorraidhe dhóibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Amhail as do thug tú cúmhachda dhósan air gach uile fheóil, do chum go dtiobhradh sé an bheatha mharrthanach do gach uile dhuine dhá dtug tú dhó.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Fé mar a thugais dó cómhacht os cionn gach feóla, ionus, gach ar thugais dó, go dtabharfadh sé dhóibh beatha shíoruidhe.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 17:2
31 Tagairtí Cros  

Salm Dháiví. 1 D'fhoilsigh an Tiarna do mo thiarnasa: “Bí i do shuí ar mo dheis go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.”


Tá gach aon ní tugtha domsa ag m'Athair. Agus níl aithne ag aon neach ar an Mac ach amháin ag an Athair, ná níl aithne ag aon neach ar an Athair ach amháin ag an Mac agus an té ar toil leis an Mac a fhoilsiú dó.


Agus imeoidh siad leo, iad seo isteach i bpionós síoraí, ach na fíréin i mbeatha shíoraí.”


Tháinig Íosa chucu agus labhair sé leo: “Tá gach údarás tugtha domsa ar neamh agus ar talamh.


A Athair, an mhuintir a thug tú dom, is mian liom, an áit ina bhfuilimse, iadsan a bheith ann mar aon liom, ionas go bhfeicfidh siad mo ghlóir, an ghlóir a thug tú dom; mar gur thug tú grá dom roimh chruthú an domhain.


D'fhoilsigh mé d'ainm do na daoine a thug tú dom as an saol; ba leatsa iad, agus thug tú domsa iad, agus tá do bhriathar coinnithe acu.


Ar a son atáim ag guí; ní ar son an tsaoil atáim ag guí ach ar son na muintire a thug tú dom, mar is leatsa iad.


Tá grá ag an Athair don Mhac agus tá gach uile ní tugtha ina láimh aige dó.


Ach má olann aon duine an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, ní bheidh tart air go brách na breithe. Ach an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, déanfaidh tobar uisce de istigh ann, ag brúchtaíl chun na beathn síoraí.”


Ná saothraigí an bia a théann amú, ach saothraigí an bia a mhaireann chun na beatha síoraí, é siúd a thabharfaidh Mac an Duine daoibh. Óir is air sin a chuir Dia an tAthair a shéala.”


Gach a dtugann an tAthair dom tiocfaidh sé chugam, agus an té a thagann chugam ní chaithfidh mé amach é.


Agus is é seo toil an Athar a chuir uaidh mé, nach gcaillfinn aon chuid dár thug sé dom, ach go dtógfainn suas é an lá deireanach.


Mar pá ón bpeaca is ea an bás, ach tabhartas ó Dhia is ea an bheatha shíoraí in Íosa Críost ár dTiarna.


Mar ní foláir dó a bheith ina rí go dtí go mbeidh a naimhde go léir curtha faoi chois aige.


a chuir sé ag obair i gCríost nuair a thóg sé ó mhairbh é agus chuir ina shuí ar a dheis sna flaithis é


i dtreo nuair a luafaí ainm Íosa go gcromfadh glúin gach neach dá bhfuil ar neamh agus ar talamh agus in ifreann


agus is é fáth a ndearnadh trócaire ormsa, an peacach is mó, chun go dtaispeánfadh Íosa Críost a fhoighne gan teorainn i mo chás-sa ar dtús agus go mbeinn i m'eiseamláir dóibh sin a chreidfeadh ann ar ball agus a bhainfeadh amach an bheatha shíoraí.


ach sna laethanta deireanacha seo labhair sé linn trína Mhac, an té a cheap sé ina oidhre ar an uile ní agus ar tríd a rinne sé a bhfuil ann.


Chuaigh seisean suas ar neamh agus tá ar dheasláimh Dé agus aingil agus tiarnais agus cumhachtaí ag géilleadh dó.


foilsíodh an bheatha agus chonaiceamar-na agus anois tugaimid fianaise agus fógraímid daoibhse an bheatha shíoraí a bhí fara an Athair agus a foilsíodh dúinne.


Agus seo é an gealltanas a gheall sé dúinn, an bheatha shíoraí.


Ach is feasach dúinn fós gur tháinig Mac Dé agus gur thug éirim dúinne le go n‑aithnímis an té atá fíor. Agus mairimid sa té atá fíor, is é sin ina Mhac Íosa Críost.


agus cumhdaígí sibh féin i ngrá Dé agus súil agaibh le trócaire ár dTiarna Íosa Críost chun na beatha síoraí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí