Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 17:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Dúirt Íosa an chaint sin agus ar thógáil a shúl chun na bhflaitheas dúirt sé: “A Athair, tá an uair tagtha. Tabhair glóir do do Mhac, ionas go dtabharfadh do Mhac glóir duit:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Nuair a bhí na focail sin ráite ag Íosa, thóg sé a shúile i dtreo neimhe agus dúirt sé, “A Athair, tháinig an uair; glóirigh an Mac ionas go nglóirí an Mac thú,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Labhair Íosa na neithe sin: agus ag tógáil a shúl suas go neamh dó, dubhairt sé: A Athair, tháinic an uair, tabhair glóir do do Mhac, chun go dtugaidh do Mhac glóir duit-se:

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Do labhair Íosa an méid sin; annsin, ag árdú a shúl chum neimhe, adubhairt sé, A Athair, atá an uair tagtha; tabhair glóir dod’ Mhac, chum go dtiubhradh an Mac glóir dhuit‐se:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Do labhair Iósa na neithesi, agus ag tógbháil a shúl chum neime dhó a dubhairt sé, A Athair tháinig a nuáir, tabhair glóir dod Mhac féin, ionnus dtíubhradh do Mhac glóir dhuitse mar an gcéadna:

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Do labhair Íosa an chaint sin, agus ansan do thóg sé a shúile suas chun na bhflathas, agus dubhairt sé: A Athair, tá an uair tagaithe; tabhair glóire do d’Mhac ionus go dtabharfadh do Mhac glóire dhuit:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Dúirt Íosa an chaint sin agus ar thógáil a shúl chun na bhflaitheas dúirt sé: “A Athair, tá an uair tagtha. Tabhair glóir do do Mhac, ionas go dtabharfaidh do Mhac glóir duit:

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 17:1
20 Tagairtí Cros  

Amhrán Oilithreach. 1 Chugat a thógaim mo shúile; chugatsa a chónaíonn ar neamh.


Mar a bheadh fáinleog ann, tá mé ag bíogarnach, tá mé ag olagón ar nós colúir; tá mo shúile á n‑iompú agam i dtreo na n‑ard, amharc i mo dhiaidh agus bí i d'urra agam.


Tháinig sé den tríú huair agus dúirt leo: “Codlaígí libh feasta, agus glacaigí bhur suaimhneas. Ní beag sin! Tá an t‑am tagtha. Féach, tá Mac an Duine le tabhairt ar láimh do pheacaigh.


Ach sheas an poibleacánach i bhfad siar, agus níorbh áil leis fiú amháin a shúile a ardú chun na bhflaitheas, ach é ag bualadh a uchta, ag rá: ‘A Dhia, glac trua dom, an peacach.’


Nuair a bhínn in éineacht libh gach lá sa Teampall, níor leag sibh lámh orm. Ach is í bhur n‑uairse í seo, agus cumhacht an dorchadais.”


Arna chloisteáil sin d'Íosa dúirt sé: “Ní chun báis an galar seo ach chun glóire Dé, chun go dtabharfaí glóir do Mhac Dé tríd.”


D'aistrigh siad an líog ansin agus d'ardaigh Íosa a shúile agus dúirt: “A Athair, gabhaim buíochas leat gur éist tú liom;


D'fhreagair Íosa iad agus dúirt: “Tá an uair tagtha chun go ndéanfaí Mac an Duine a ghlóiriú.


Roimh fhéile na Cásca, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh a uair tagtha chun imeacht as an saol seo go dtí an tAthair, agus ó thug sé grá dá mhuintir féin a bhí ar an saol, thug sé grá thar na bearta dóibh feasta.


Féach, tá an uair ag teacht, agus tá sí ann cheana féin, nuair a scaipfear sibh, gach duine chun a bhaile féin, agus fágfaidh sibh mise i m'aonar. Ach nílim i m'aonar, de bhrí go bhfuil an tAthair faram.


Bhí siad ag iarraidh é a ghabháil, ach níor leag aon duine lámh air, mar ní raibh a uair tagtha fós.


Dúirt sé an chaint sin ag tagairt don Spiorad a bhí le glacadh acu siúd a chreid ann. Óir ní raibh an Spiorad [bronnta] fós mar go raibh Íosa fós gan glóiriú.


Labhair sé na focail seo taobh leis an gciste agus é ag teagasc sa Teampall. Níor leag aon duine lámh air, mar ní raibh a uair tagtha fós.


Ní hea sin ach gur thug Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, Dia ár n‑aithreacha an ghlóir dhiaga dá sheirbhíseach Íosa, an té sin ar thug sibhse ar láimh é agus ar shéan sibh i bhfianaise Phioláit é agus eisean meáite ar é a scaoileadh saor.


a chreideann trídsean i nDia, a thóg ó mhairbh é, agus a thug glóir dó, le go mbeadh creideamh agus dóchas agaibhse i nDia.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí