Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 8:10 - An Bíobla Naofa 1981

Nuair a chuala Íosa é, bhí ionadh air, agus dúirt leo seo a bhí á leanúint: “Deirim libh go fírinneach, ní bhfuair mé a leithéid seo de chreideamh ag duine ar bith in Iosrael.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Nuair a chuala Íosa an chaint sin uaidh, rinne sé iontas de, agus dúirt sé le lucht a leanúna, “Deirim libh i bhfírinne, ní bhfuair mé a leithéid de chreideamh in Iosrael féin.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Ar a chluinstin sin do Íosa, bhí iongantas air, agus dubhairt sé leis an mhuinntir a bhí ghá leanamhaint: Amén, adeirim libh, ní fhuair mé a leithéid sin de chreidheamh i n-Israél.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus nuair dochuala Íosa sin, do bhí iongnadh air, agus adubhairt sé leo‐san do bhí g‐á leanamhain, Go fírinneach adeirim libh, A leithéid sin de chreideamh ní bhfuaras i nIsrael féin.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Achd ar na cluinsin só Díosa, do ghabh iongantas é, agus a dubhairt sé ris an mhuinntir do bhí na dhiáigh, Go fírinneach a deirim ribh, Nach bhfúair mé a noireadsa do chreideamh, eadhon, a Níosráel.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus nuair airigh Íosa san do dhein sé iongna dhé; agus dúbhairt se leis an muíntir a bhí ’ghá leanmhaint: Go deimhin adeirim libh, ní bhfuaras a leithéid sin de chreideamh i n-Israél.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Nuair a chuala Íosa é, bhí ionadh air, agus dúirt leo seo a bhí dá leanúint: “Deirim libh go fírinneach, nach bhfuair mé a leithéid seo de chreideamh ag duine ar bith in Iosrael.

Féach an chaibidil



Matha 8:10
9 Tagairtí Cros  

Cuireadh chun boird iad os a chomhair, an sinsear de réir a shinsearachta agus an sóisear de réir a shóisearachta; d'fhéach na fir ar a chéile le hionadh agus le alltacht.


Ansin dúirt Íosa léi á freagairt: “Ó, is mór é do chreideamh, a bhean! Bíodh agat mar is áil leat.” Agus bhí a hiníon leigheasta ón nóiméad sin.


Deirim libh, tiocfaidh mórán anoir agus aniar agus beidh siad ina súí chun boird le hAbrahám agus le hÍosác agus le Iacób i ríocht na bhflaitheas;


Óir is duine mé féin atá i mo ghearroifigeach agus tá saighdiúirí agam fúm, agus deirim leis seo: ‘Imigh!’ agus imíonn, agus leis seo eile: ‘Tar!’ agus tagann, agus le mo sheirbhíseach: ‘Déan seo!’ agus déanann.”


agus rinne sé ionadh dá ndíchreideamh. Agus ghabh Íosa timpeall ar fud na mbailte ag teagasc.


Nuair a chonaic sé an creideamh a bhí acu, dúirt: “A dhuine, tá do pheacaí maite duit.”


Ach dúirt sé leis an mbean: “Shlánaigh do chreideamh tú. Imigh faoi shíocháin.”


Nuair a chuala Íosa an méid sin, rinne sé ionadh den duine, agus, ag iompú chun an tslua a bhí á leanuint, dúirt: “Deirim libh, ní bhfuair mé in Iosrael féin creideamh chomh láidir leis seo.”


Bhí ionadh agus alltacht orthu: “Féach,” ar siad, “nach Gailíligh iad seo go léir atá ag caint?