Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Gníomhartha 2:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Bhí ionadh agus alltacht orthu: “Féach,” ar siad, “nach Gailíligh iad seo go léir atá ag caint?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Agus bhí iontas agus alltacht orthu, agus dúirt siad, “Nach Galailéigh na fir seo uile atá ag caint?

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Agus bhí uathbhás agus iongantas ortha uilig, agus dubhairt siad: Féach, nach Gaililéigh iad seo uilig atá ag cainnt,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus do bhí iongnadh agus uathbhás ortha go léir, agus adubhradar le chéile, Féach, nach Galiléanaigh iad so go léir atá ag cainnt?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus do ghábh úathbhás, agus iongantas iád uile, ag rádh ré chéile, Féuch, a né nach Gaililéeanuigh íadso uile labhras?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus bhí uathbhás ortha go léir agus iad ag déanamh iongna, agus deiridís: Féach, nách Gaililiaigh iad san go léir atá ag cainnt?

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 2:7
12 Tagairtí Cros  

Agus deireadh na sluaite: “Is é seo Íosa, an fáidh ó Nazarat sa Ghailíl.”


Tamall ina dhiaidh sin, tháinig na daoine a bhí i láthair agus dúirt siad le Peadar: “Go dearfa, is duine díobh sin tusa freisin, mar sceitheann do chaint ort.”


Nuair a chuala Íosa é, bhí ionadh air, agus dúirt leo seo a bhí á leanúint: “Deirim libh go fírinneach, ní bhfuair mé a leithéid seo de chreideamh ag duine ar bith in Iosrael.


Agus bhí alltacht chomh mór sin ar chách go raibh siad ag fiafraí dá chéile: “Cad é an rud é seo?” deiridís: “teagasc nua á dhéanamh le húdarás; na spioraid mhíghlana féin, fógraíonn sé orthu agus déanann siad rud air.”


D'éirigh seisean agus thóg an tsráideog láithreach, agus d'imigh amach os comhair cách, ionas go raibh alltacht orthu uile agus gur thug siad glóir do Dhia á rá: “Ní fhacamar a leithéid seo riamh.”


D'fhreagair siad agus dúirt leis: “An amhlaidh is Gailíleach tusa chomh maith? Cuardaigh an scrioptúr agus féach nach n‑éiríonn fáidh ón nGailíl.”


“A fheara na Gailíle,” ar siad, “cad ab áil libh in bhur seasamh ansin ag amharc in airde sa spéir? An Íosa seo a tógadh suas ar neamh uaibh, tiocfaidh sé an tslí chéanna ina bhfaca sibh ag dul suas é.”


Bhí alltacht agus mearbhall orthu go léir agus deiridís le chéile: “Cad is ciall leis seo?”


Conas a tharlaíonn go gcloiseann gach duine againne iad ag labhairt inár dteanga dhúchais féin?


agus nuair a d'aithin siad gurbh é an fear a bhíodh ina shuí ag Geata Álainn an Teampaill é, ghabh ionadh agus alltacht iad faoinar tharla dó.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí