Matha 6:34 - An Bíobla Naofa 1981 Mar sin, ná bígí imníoch faoin lá amárach; beidh an lá amarach imníoch faoi féin. Is leor do gach lá a chuid féin den trioblóid. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “Mar sin ná bíodh aon imní oraibh faoin lá amárach, mar beidh a imní ar an lá amárach faoi féin. Is leor olc an aon lae dʼaon lá amháin.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ná bíodh cúram oraibh, dá bhrígh sin, fá’n lá i mbárach: óir béidh a chúram féin ar an lá i mbárach: Ní beag do’n lá a chuid féin de’n olc. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) D’á bhrigh sin, ná bíodh imnidhe oraibh i dtaobh an lae amárach: óir béidh a chúram féin ar an lá amárach. Ní beag do’n lá a chion féin de’n olc. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Uime sin na bíodh rochúram oruibh timcheall an laói máruigh: óir biaidh a sháith curium air an lá a márach timcheall a neithe féin. Is lór do lá a olc féin. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ná bíodh buaireamh oraibh, dá bhrígh sin, i dtaobh an lae amáirigh; tá a bhuaireamh féin i gcóir an lae amáirigh. Ní beag do gach lá a chuid uilc féin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Mar sin, ná bígí imníoch faoin lá amárach; beidh an lá amárach imníoch faoi féin. Is leor do gach lá a chuid féin den trioblóid. |
“Sin é an fáth a ndeirim libh: ná bígí imníoch faoi bhur mbeatha i dtaobh bia nó dí, na faoi bhur gcorp i dtaobh éadaigh. Nach mó le rá an bheatha ná an bia agus an corp ná an t‑éadach?
Cé agaibh a d'fhéadfadh, le bheith ag déanamh imní, aon bhanlámh amháin a chur le fad a shaoil?
Dúirt an Tiarna léi á freagairt: “A Mharta, a Mharta, tá imní ort agus buaireamh mar gheall ar mhórán nithe.
Nuair a thabharfar sibh i láthair na sionagóg agus na ngiúistísí agus an lucht údaráis, ná bígí go himníoch ag fiafraí conas bhur gcúis a phlé, ná cad a déarfaidh sibh;
Dúirt sé lena dheisceabail: “Sin é an fáth a n‑abraim libh: ná bígí imníoch faoi bhur mbeatha i dtaobh bia, ná faoi bhur gcorp i dtaobh éadaigh.
Fágaim síocháin agaibh; tugaim mo shíocháin daoibh. Ní thugaim daoibh í mar a thugann an saol í. Ná bíodh bhur gcroí buartha agus ná bíodh eagla air.
Labhair mé na nithe sin libh, chun go mbeadh síocháin agaibh ionamsa. Tá buairt agaibh sa saol, ach bíodh misneach agaibh. Tá buaite agamsa ar an saol.”
ag cur misnigh ar na deisceabail agus á spreagadh chun bheith dílis don chreideamh, “mar,” ar siad, “ní foláir dúinn mórán a fhulaingt chun dul isteach i ríocht Dé.”
Ná bígí imníoch faoi rud ar bith ach cibé ní atá in easnamh oraibh cuirigí in iúl do Dhia é le hurnaí agus guí agus buíochas buan.