An té a thugann cluas bhodhar d'éamh an bhochtáin nuair a ghlaofaidh sé féin, ní eistfear leis.
Matha 6:14 - An Bíobla Naofa 1981 Óir, má mhaitheann sibh a gcionta do chách, maithfidh bhur nAthair neamhaí daoibhse freisin. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar má mhaitheann sibh a gcionta do dhaoine, maithfidh bhur nAthair neamhaí daoibh freisin; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir má mhaitheann sibh-se a gcionntaí do dhaoine, maithfidh bhur n-Athair neamhdha bhur gcionntaí díbh-se fhosta. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir, má mhaitheann sibh do dhaoinibh a gcionnta, maithfidh bhúr n‐Athair neamhdha bhúr gcionnta dhaoibh‐se mar an gcéadna; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oir ma mhaithi a gcionnta do dháonibh, maithfidh bhur Nathair neámhdha dáoibhsi mar an gcéadna: Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Óir má mhaitheann sibh do dhaoine a gcionta, maithfidh bhúr n-Athair neamhdha dhaoibh-se bhúr bpeacaí. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Óir, má mhaitheann sibh a gcionta do chách, maithfidh bhur nAthair neamhaí daoibh-se freisin. |
An té a thugann cluas bhodhar d'éamh an bhochtáin nuair a ghlaofaidh sé féin, ní eistfear leis.
óir is de réir na breithe a thugann sibh a thabharfar breith oraibh, agus is de réir an tomhais lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh.
Agus nuair a bheidh sibh in bhur seasamh ag urnaí, má bhíonn aon ní agaibh i gcoinne aon duine, maithigí dó é, i dtreo go maithfeadh bhur nAthair sna flaithis bhur gcionta daoibhse chomh maith.
Ná tugaigí breith agus ní thabharfar breith oraibh. Ná daoraigí agus ní dhaorfar sibh. Maithigí agus maithfear daoibh.
Bígí muinteartha le chéile agus atruach, ag maitheamh dá chéile faoi mar mhaith Dia daoibh féin i gCríost.
Cuirigí suas le chéile agus cibé locht a bhíonn ag duine agaibh ar dhuine eile maithigí dá chéile é; faoi mar a mhaith an Tiarna daoibh, déanaigí-se mar an gcéanna.
Óir tá breithiúnas gan trócaire le tabhairt ar an té nach ndearna trócaire; ach sáraíonn an trócaire an breithiúnas.
Nuair a tháinig siad chun na Reúbaenach, na nGádach, agus leaththreibh Mhanaise i dtír Ghileád, is é a dúirt siad seo leo:
Mar seo a léirítear cé hiad clann Dé agus cé hiad clann an diabhail; gach duine nach saothraíonn an fhíréantacht ní ó Dhia dó, agus is é a fhearacht sin ag an té nach dtugann grá dá bhráthair.