Iósua 22:15 - An Bíobla Naofa 198115 Nuair a tháinig siad chun na Reúbaenach, na nGádach, agus leaththreibh Mhanaise i dtír Ghileád, is é a dúirt siad seo leo: Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)15 Agus tangadar go cloinn Reuben, agus go cloinn Ghad, agus go leiththreibh Mhanasséh, go tír Ghílead, agus do labhradar riú, dha rádh, Féach an chaibidil |
Féachaigí chuige nach ndiúltóidh sibh éisteacht leis an té atá ag labhairt libh. Óir más rud é nár éalaigh na daoine sin slán a dhiúltaigh éisteacht leis an té a thug foláireamh dóibh ar talamh is lú go mór ná sin an chaoi éalaithe a bheidh againne má thugaimid ár gcúl leis an té a thugann foláireamh dúinn ó neamh.