Matha 5:13 - An Bíobla Naofa 1981 “Is sibhse salann na talún. Ach má éiríonn an salann leamh, cad a dhéanfaidh goirt arís é? Níl tairbhe ann feasta chun rud ar bith, ach é a chaitheamh amach mar a ngabhfar de chosa ann. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “Is sibhse salann an domhain; ach má chailleann an salann a bhlas, conas a dhéanfar goirt arís é? Níl úsáid ann, ach a chaitheamh amach faoi chosa na ndaoine. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Is síbh-se salann an talaimh. Acht má chailleann an salann a bhrígh, cá leis a ndéanfar salann de? Ní bhíonn de mhaith ann annsin, acht a chaitheamh amach, agus a bhrúghadh faoi chosa daoine. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Is sibh‐se salann na talmhan: acht má chailleann an salann a bhlas, créad le n‐a saillfear é athuair? Ní fhuil aon mhaith ann feasta acht go gcaithfidhe amach é, agus go mbéadh sé ’n‐a chosair‐easair ag na daoinibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Is sibhsi salann na tulmhan: gidheadh dá ccaillfeadh an salann a bhlas, creúd lé a saillfidhthear é? ni bhfuil féidhm air ó sin súas, achd a thilgean a mach, agus a shailart fá chosaibh dáoine. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Is sibh-se salann na talmhan. Ach má théigheann an salann i leamhas conus a déanfar salann airís de? Ní’l de mhaith ann feasta ach go gcaithfí amach é agus go ngeóbhfaí do chosaibh daoine ann. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Is sibh-se salann na talún. Ach má éiríonn an salann leamh, cad a dhéanfaidh goirt arís é? Níl tairbhe ann feasta chun rud ar bith, ach é a chaitheamh amach mar a ngabhfar de chosa ann. |
Ní foláir salann a chur mar anlann le gach abhlann a ofrálfaidh tú; ná fág salann chonradh do Dhé in easnamh ar aon abhlann; ofráil salann le gach íobairt.
Bíodh bhur gcomhrá leo go suáilceach deisbhéalach i gcónaí ionas go bhféadfadh sibh an freagra pras a thabhairt do chách.
Más ea, nach dóigh libh gur measa go mór ná sin an pionós a chuirfear ar an duine a shatail ar Mhac Dé agus a chaith drochmheas ar fhuil an conartha ar naomhaíodh é léi agus a thug masla do Spiorad an ghrásta?