Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 4:25 - An Bíobla Naofa 1981

Agus lean sluaite móra é ón nGailíl, ó Dheacapoil, ó Iarúsailéim, ó Iúdáia agus ó thar an Iordáin.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus bhí sluaite móra á leanúint ó Ghalailí agus ó Dhecapolis agus ó Iúdaea agus ón limistéar a bhí taobh thoir den Iornán.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus lean sluaighte móra é as an Ghailile, agus as an Decapolis, agus as Ierusalem, agus as Iudaia, agus as an taoibh thall de’n Iordáin.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus do lean na sluaighte móra é ó’n nGaililé, agus ó’n Decapolis, agus ó Iarúsalem, agus ó Iúdaea, agus ó’n taobh thall de Iórnán.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do lean cuideachda mhór é ón Ghaililé, agus ó Dhecapólis, agus ó Ierusalám, agus ó Iudéa, agus ó táobh thall do Iórdán.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus do lean sluaighte móra é a Gaililí agus a Decapolis agus a Ierúsalem, agus ó’n dtaobh thall de Iórdan.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Agus lean sluaite móra é ón nGailíl, ó Dheacapoil, ó Iarúsailéim, ó Iúdáia agus thar an Iordáin.

Féach an chaibidil



Matha 4:25
11 Tagairtí Cros  

Bhí a fhios ag Íosa, áfach, agus chuaigh sé i leataobh as sin. Lean sluaite móra é, agus leigheas sé iad uile,


Agus lean sluaite móra é agus leigheas sé iad ann.


“Talamh Zabúlun, talamh Naftáilím, bóthar na farraige, an taobh eile den Iordáin, Gailíl na gciníocha,


Nuair a chonaic sé na sluaite, chuaigh sé an sliabh suas. Shuigh sé síos agus tháinig a dheisceabail chuige.


Tháinig sé anuas ón sliabh agus lean sluaite móra é.


Agus d'imigh sé leis agus thosaigh ag fógairt i nDeacapoil a raibh déanta ag Íosa dó, agus bhí ionadh ar chách.


Agus ar an tsabóid thosaigh sé ag teagasc sa tsionagóg, agus ghabh iontas mórán dár chuala é; agus deiridís: “Cá bhfuair sé seo an méid sin? Agus cén eagna í seo a tugadh dó agus na míorúiltí móra seo a dhéantar trína lámha?


Ar dhul amach dó arís as críocha na Tuíre, chuaigh sé tríd an tSíodón go farraige na Gailíle trí lár chríocha Dheacapoil.


Ar theacht anuas dó in éineacht leo, sheas sé ar thalamh réidh, agus bhí ansin comhthionól mór dá dheisceabail agus slua mór den phobal as Iúdáia go léir agus as Iarúsailéim agus as cósta na Tuíre agus na Síodóine


Agus bhí an slua ar fad ag iarraidh baint leis, óir bhí cumhacht ag teacht uaidh agus á leigheas uile.