Lúcás 6:17 - An Bíobla Naofa 198117 Ar theacht anuas dó in éineacht leo, sheas sé ar thalamh réidh, agus bhí ansin comhthionól mór dá dheisceabail agus slua mór den phobal as Iúdáia go léir agus as Iarúsailéim agus as cósta na Tuíre agus na Síodóine Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)17 Agus tháinig sé anuas leo gur sheas in áit réidh, é féin agus slua mór dá dheisceabail agus dream mór daoine as gach áit in Iúdaea agus in Iarúsailéim agus as cóstaí Thiora agus Shiodóin, a tháinig chun go n‑éistfidís leis agus go leigheasfaí óna mbreoiteachtaí iad; Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara17 Agus ar theacht anuas dó i n-aoinfheacht leo, sheasuigh sé ar mhachaire mhín, agus cóimhthionól a dheisciobal ann, agus sluagh mór daoine as Iudaia go léir agus ó Ierusalem agus ó chladaigh na Tiora agus na Sídoine, Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)17 agus tháinig sé anuas i n‐éinfheacht leo, agus do sheas sé ar áit réidh, agus sluagh mór d’á dheisceablaibh, agus liacht mór daoine ó lúdaea agus ó Iarúsalem, agus ó imeall‐bhórd Thuire agus Shídóine, daoine tháinig chum go n‐éistfidís leis, agus chum go leigheasfaidhe a ngalair; Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)17 Agus táinig sé a núas léo, agus do sheas sé ar mhachuire réidh, agus a choimhthionól deisciobail, agus mórán mór do phobal ó thír Iúdaighe uile agus ó Ierusalem, agus ó chois fairrge Thírus agus Shídon, noch tháinig deisdeachd leisin, agus dfagháil leighis ar a neasláintibh; Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)17 Agus tháinig sé anuas i n-aonfheacht leó, agus sheasaimh sé ar áit leibhéalta, agus cruinniú dá dheisgiobuil agus sluagh mhór daoine ó Iúdaéa go léir agus ó Ierúsalem, agus ó chríochaibh Tuíre agus Sídóin cois na faraige, Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201217 Ar theacht anuas dó in éineacht leo, sheas sé ar thalamh réidh, agus bhí ansin comh-thionól mór dá dheisceabail agus slua mór den phobal as Iúdáia go léir agus as Iarúsailéim agus as cósta na Tuíre agus Shiodón Féach an chaibidil |