Tharla go raibh marbh á iompar chun a adhlactha, agus chonacthas díorma díobh siúd, agus caitheadh an marbh isteach i dtuama Eilíseá. A luaithe a bhain an fear marbh le cnámha Eilíseá, tháinig anam ann arís agus sheas sé ar a chosa.
Matha 27:52 - An Bíobla Naofa 1981 D'oscail na tuamaí agus d'éirigh mórán de choirp na naomh a bhí ina suan: An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) osclaíodh freisin na tuamaí agus tógadh mórán de choirp na naomh a bhí ina gcodladh, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus foscladh na h-uaigheanna, agus d’éirigh mórán de chuirp na naomh a bhí ina gcodladh, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus do foscladh na tuamaí; agus d’éirigh mórán de chorpaibh na naomh do bhí n‐a gcodladh; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus dosgladar na tuámaidhe; agus déirgheadar morán do chorpuibh na ndáoine náomhtha do bhí na gcodladh, Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do h-osgaladh na h-uaghna agus d’eirigh a lán de chorpaibh na naomh a chodail, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dʼoscail na tuamaí agus mʼéirigh mórán de choirp na naomh a bhí ina suan: |
Tharla go raibh marbh á iompar chun a adhlactha, agus chonacthas díorma díobh siúd, agus caitheadh an marbh isteach i dtuama Eilíseá. A luaithe a bhain an fear marbh le cnámha Eilíseá, tháinig anam ann arís agus sheas sé ar a chosa.
cuirfidh sé an bás ar ceal go deo. Triomóidh Dia na deora de na gnúiseanna go léir; tógfaidh sé an milleán dá phobal agus den domhan uile; óir is é an Tiarna a dúirt é.
Beidh saol ag do chuid marbhánach arís, éireoidh a gcoirp as an nua; músclaígí, déanaigí gairdeas, sibhse uile atá sínte sa láib; óir is geal é mar dhrúcht do dhrúchtsa, agus tiocfaidh sliocht ar thír na scáth.
Fuascloidh mé ó chumhacht Sheól iad; Sábhálfaidh mé iad ón mBás. Cá bhfuil do ghathanna, a Bháis? Cá bhfuil do chealg, a Sheól? Ceilfear uirthi áfach an trua atá agam di.
Sin é mar a labhair sé agus ansin dúirt sé leo: “Tá ár gcara Lazaras ina chodladh, ach táim ag dul á dhúiseacht.”
Ar thitim dó ar a ghlúine scread sé in ard a ghutha: “A Thiarna, ná hagair orthu an peaca seo.” Agus leis sin shíothlaigh sé.
Sin é an fáth a bhfuil an oiread sin agaibh tinn agus lag agus cuid mhaith agaibh tar éis bháis.
Ach tá Críost dáiríre aiséirithe ó mhairbh, céadtoradh na muintire atá ina gcodladh.
Ach tá rúndiamhair agam le nochtadh daoibh: ní bhfaighimid go léir bás ach tiocfaidh claochlú orainn go léir.
Creidimid go bhfuair Íosa bás agus gur aiséirigh sé; ar an gcuma chéanna an mhuintir a fuair bás i bpáirt le Críost, tabharfaidh Dia iad siúd leis ón mbas chomh maith.
a fuair bás ar ár son chun go mbeimis beo ina theannta, cibé acu beo nó marbh dúinn.