Matha 27:43 - An Bíobla Naofa 1981 As Dia a bhí a mhuinín; fuasclaíodh Dia anois é más gnaoi leis é, óir dúirt sé féin: ‘Is mé Mac Dé.’ ” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Tá muinín aige as Dia; scaoileadh Dia é, más mian leis é; mar dúirt sé, ‘Is mé Mac Dé’.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Chuir sé a mhuinighin i nDiá; saoradh seisean é anois, má’s áil leis é; óir dubhairt sé: Is mise Mac Dé. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Cuireann sé a mhuinighin as Dia; saoradh Sé anois é, má’s áil leis é, óir adubhairt sé, Is mé Mac Dé. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do bhí a dhóchus a Ndía; sáoradh sé é a nois, mas áill leis é: óir a dubhairt sé, Is misi Mac Dé. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Bí a mhainghín as Dia, saoradh Dia anois é, má’s áil leis é: Óir dubhairt sé, Is mé Mac Dé. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 As Dia a bhí a mhuinín; fuasclaíodh Dia anois é más gnaoi leis é, óir dúirt sé féin: ‘Is mé Mac Dé.’” |
A Thiarna, nach líonmhar iad mo naimhde! Tá mórán daoine ag éirí amach i m'éadan!
Deirim le Dia, mo charraig, cén fáth a ndearna tú dearmad orm? Cad chuige dom triall go dobrónach is mo namhaid do mo chrá?
á rá: “Tá sé tréigthe ag Dia; téigí ar a thóir agus beirigí air, óir níl aon neach ann lena shaoradh.”
Ná bíodh muinín agaibh as an Tiarna ar chomhairle Hiziciá, agus é á rá: Tiocfaidh an Tiarna ár dtarrtháil cinnte, ní ghéillfear an chathair seo suas do rí na hAsaíre.
Ná cuireadh Hiziciá amú sibh, á rá: ‘Sábhálfaidh an Tiarna sibh.’ An bhfuil dia ar bith de dhéithe na náisiún a bhí in ann a thír a shábháil ar rí na hAsaíre?
“Seo mar a labhróidh sibh le Hiziciá, rí Iúdá: An Dia seo agat a bhfuil do mhuinín ann, ná cuireadh sé amú thú lena gheallúint nach dtabharfar Iarúsailéim isteach i lámha rí na hAsaíre.
agus ag rá: “Thusa, a leagfadh Teampall Dé anuas agus a thógfadh é i dtrí lá, saor thú féin, más tú Mac Dé, agus tar anuas ón gcros!”
An taoiseach céad, agus na fir a bhí ag gardáil Íosa in éineacht leis, nuair a chonaic siad an mhaidhm talún agus na nithe a tharla, bhí uamhan an-mhór orthu agus dúirt siad: “Go dearfa, ba é Mac Dé é seo.”
D'fhan an pobal ansiúd ag breathnú. Bhí na cinn urra féin ag dranngháire: “Shaor sé daoine eile,” deiridís, “saoradh sé é féin, más é Críost Dé, an té atá tofa.”
an té a naomhaigh an tAthair, agus a chuir sé uaidh sa saol, an ndeir sibhse leis: ‘Sin diamhasla agat!’ mar gur dhúirt mé: ‘Is mé Mac Dé’?
D'fhreagair na Giúdaigh é: “Tá dlí againne, agus, de réir an dlí sin, tá d'fhiacha air bás a fháil mar go ndearna sé Mac Dé de féin.”