Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 14 - An Bíobla Naofa 1981


Na hAmadáin
1 Do stiúrthóir an chóir. [Salm le] Dáiví.

1 Do stiúrthóir an chóir. [Salm le] Dáiví. Deir an t‑amadán ina chroí: “Níl aon Dia ann.” Tá siad truaillithe: déanann siad gníomhartha gránna; níl aon duine maith ann.

2 Breathnaíonn an Tiarna ó neamh ar chlann na ndaoine go bhfeice sé an bhfuil tuiscint ag aon duine nó an iarrfaidh sé Dia.

3 Chuaigh siad uile ar seachrán; truaillíodh iad uile, níl neach ann a dhéanann an mhaith: níl oiread is duine.

4 An ea nach bhfuil ciall ag lucht an oilc? Slogann siad mo phobal go díreach mar a shlogfaí arán. Níor ghlaoigh siad ar an Tiarna.

5 Beidh an dream sin ar crith le heagla, óir tá Dia leis an bhfíréan.

6 Ba mhian libh dóchas an bhochtáin a mhilleadh, ach is é an Tiarna a dhídean.

7 Á, go dtaga slánú Iosrael as Síón amach! Nuair a chasfaidh an Tiarna an rath ar a phobal, beidh áthas ar Iacób agus gairdeas ar Iosrael.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí