Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 27:1 - An Bíobla Naofa 1981

Nuair a bhí an mhaidin ann, rinne na hardsagairt go léir agus seanóirí an phobail comhairle le chéile in aghaidh Íosa d'fhonn é a bhású.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Nuair a tháinig an mhaidin, chuaigh na hardsagairt uile agus seanóirí an phobail i gcomhairle in aghaidh Íosa lena chur chun báis;

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus ar theacht na maidne, chuaidh uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail uilig i gcómhairle i n-aghaidh Íosa, chun é chur chun báis.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus nuair do bhí an mhaidin ann, do chuaidh uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail i ndáil cómhairle i n‐aghaidh Íosa, chum go gcuirfidís chum báis é:

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus ar tteachd na maiden, do chúadar na hárdsagart, agus sinnsir an phobuil uile a ccomhuirle a naghuidh Iósa ionnas go ccuirfidis chum báis é:

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus nuair a tháinig an mhaidion, chuaidh uachtaráin na sagart go léir agus seanóirí an phobuil i gcómhairle i n-aghaidh Íosa, chun go gcurfidís chun báis é.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Nuair a bhí an mhaidin ann, rinne na hardsagairt go léir agus seanóirí an phobail comhairle le chéile in aghaidh Íosa dʼfhonn é a bhású.

Féach an chaibidil



Matha 27:1
16 Tagairtí Cros  

Éiríonn ríthe na cruinne, agus déanann na flatha comhcheilg le chéile in éadan an Tiarna agus a ungthaigh:


Is cosúil mé le marbhán a ndearnadh dearmad de, nó le soitheach a briseadh.


Óir bím i mbéal mo naimhde; téann lucht mo bhraite i gcomhairle le chéile


Mairg don mhuintir a bhíonn ag meabhrú urchóide agus ag beartú oilc ar a leaba. Le céadsolas na maidine siúd chun gníomhartha iad mar is acmhainn dóibh é.


“Is mairg daoibhse, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ndúnann sibh ríocht na bhflaitheas in éadan na ndaoine; óir ní théann sibh féin isteach, agus iad seo a bhíonn ag dul isteach bacann sibh iad.


Ar maidin bhí a gcomhairle ullamh gan mhoill ag uachtaráin na sagart fara na seanóirí agus na scríobhaithe - an tsainidrín uile. Tar éis dóibh Íosa a cheangal, thug siad leo é agus thug ar láimh é do Phioláit.


San am sin féin tháinig daoine i láthair á insint dó faoi na Gailíligh, a raibh Pioláit tar éis a gcuid fola agus fuil a n‑íobairtí a mheascadh ar a chéile.


Nuair a bhí sé ina lá, chruinnigh comhairle sheanóirí an phobail le chéile - uachtaráin na sagart agus scríobhaithe. Sheol siad i láthair a n‑ardchomhairle é.


Sheol siad Íosa ansin ó Cháiafas go dtí an Préatóiriam. Bhí sé moch ar maidin. Ní dheachaigh siad isteach sa Phréatóiriam ionas nach dtruailleofaí iad, ach go mba fhéidir dóibh an cháisc a ithe.


Rinne siad rud air: chuaigh siad isteach sa Teampall le breacadh an lae agus chrom ar theagasc. Tháinig an t‑ardsagart agus a bhuíon, thionóil siad an tsainidrín - is é sin, seanad iomlán chlann Iosrael - agus chuir siad scéala chun an phríosúin na haspail a thabhairt i láthair.


Fuair fir Ghazá an scéala: “Tá Samsón tagtha.” Thángadar timpeall na háite agus d'fhanadar i luíochán air ar feadh na hoíche go léir ag geata na cathrach. Ní raibh cor astu ar feadh na hoíche go léir, á rá leo féin: “Fanaimís go breacadh an lae; maróimid ansin é.”


An oíche chéanna úd chuir Sól dream go teach Dháiví chun é a fhaire d'fhonn é a mharú maidin lá arna mhárach. Ach dúirt Míceal bean Dháiví leis: “Mura n‑éalaíonn tú le d'anam anocht, marófar thú amárach.”