Ná luaigh ainm an Tiarna, do Dhia, le mí-úsáid a bhaint as. Óir an té a luafaidh ainm an Tiarna le mí-úsáid a bhaint as, ní fhágfaidh an Tiarna gan phionós é.
Matha 26:72 - An Bíobla Naofa 1981 Agus shéan sé arís é le mionn: “Níl aithne agam ar an duine.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus shéan sé arís é agus thug sé míonna, “Níl aithne agam ar an duine úd.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus shéan sé arís le mionna: Ní fhuil aithne agam ar an fhear. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do shéan seisean arís é ag tabhairt na mionn, Ní fhuil aon aithne agam ar an duine. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do shéan sé a rís maille ré mionnaibh, Ní haithne dhamh an duinesin. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do shéan seisean airís agus do dhearbhuigh sé: Ní’l aon aithne agam ar an nduine. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus shéan sé arís é le mionn: “Níl aithne agam ar an duine.” |
Ná luaigh ainm an Tiarna, do Dhia, le mí-úsáid a bhaint as. Óir an té a luafaidh ainm an Tiarna le mí-úsáid a bhaint as, ní fhágfaidh an Tiarna gan phionós é.
Éistigí leis seo, a theaghlach Iacóib, ar a dtugtar ainm Iosrael agus a tháinig ó fhréamh Iúdá; sibhse a mhionnaíonn dar ainm an Tiarna agus a tharraingíonn anuas Dia Iosrael gan dea-rún gan fíréantacht.
ná beartaíodh aon duine agaibh olc ina chroí in aghaidh a chomharsan; agus ná bígí tugtha do mhionnaí bréige; óir, is fuath liom na nithe sin go léir,” a deir an Tiarna.
Tiocfaidh mé chugaibh chun breithiúnas a thabhairt agus beidh mé i m'fhinné neamhbhalbh in aghaidh draoithe agus adhaltrach agus éitheoirí agus ina n‑aghaidh siúd a dhéanann leatrom ar fhostaithe nó ar bhaintreacha nó ar dhílleachtaí agus ina n‑aghaidh siúd chomh maith a sháraíonn cearta an choimhthígh a chónaíonn in bhur measc agus gan eagla dá laghad orthu romhamsa, a deir Tiarna na Slua.
Ar dhul amach sa phóirse dó, chonaic cailín eile é agus dúirt sí leis na daoine a bhí ann: “Bhí sé seo in éineacht le hÍosa an Nazórach.”
Tamall ina dhiaidh sin, tháinig na daoine a bhí i láthair agus dúirt siad le Peadar: “Go dearfa, is duine díobh sin tusa freisin, mar sceitheann do chaint ort.”
Ansin a thosaigh sé ag eascaine agus ag tabhairt na mionn: “Níl aithne agam ar an duine.” Agus ghlaoigh an coileach láithreach.
Ach dúirt sé: “Deirim leat, a Pheadair, ní ghlaofaidh an coileach inniu nó go mbeidh tusa tar éis a shéanadh faoi thrí go bhfuil aon aithne agat orm.”