Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 48:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Éistigí leis seo, a theaghlach Iacóib, ar a dtugtar ainm Iosrael agus a tháinig ó fhréamh Iúdá; sibhse a mhionnaíonn dar ainm an Tiarna agus a tharraingíonn anuas Dia Iosrael gan dea-rún gan fíréantacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Cluinidh so, a thigh Iácob, noch ghoirthear a nainm Israel, agus tháinic amach as uisgeadhuibh Iúdah, noch mhionnuighios a nainm an TIGHEARNA, agus thig tar Día Israel, achd ní a bfírinne nó a bhfíreantachd.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 48:1
48 Tagairtí Cros  

“Ní Iacób a bheidh ort feasta,” ar sé, “ach Iosrael, óir mar a bhí tú tréan in aghaidh Dé, beidh an lámh láidir agat ar dhaoine.”


Dúirt Dia leis: “Iacób is ainm duit; ní thabharfar Iacób mar ainm ort feasta, ach beidh Iosrael mar ainm ort.” Thugadar Iosrael mar ainm air dá réir sin.


Leanann siad na seanghnásanna fós inniu. Níor thug siad urraim don Tiarna, ná níor lean siad a reachtanna ná a ghnásanna, ná an dlí ná na haitheanta a leag an Tiarna ar shliocht Iacóib dár thug sé an t‑ainm Iosrael.


dúirt Géichizí, searbhónta Eilíseá, leis féin: “Is bog a scaoil mo mháistir leis an Arámach seo mar nár ghlac sé lenar ofráil sé dó. Dar an Tiarna beo, rithfidh mé ina dhiaidh agus gheobhaidh mé rud éigin uaidh.”


Tabharfar suas do chumhacht an chlaímh iad agus déanfaidh na seacáil a gcuid orthu.


Abraigí le Dia: “Nach éachtach iad d'oibreacha! Tá de mhéid do nirt, a Thiarna, go mbíonn do naimhde ag lútáil i do láthair.


na cantairí i dtús an tslua, na cruitirí ar deireadh, na cailíní ina lár istigh ag seinm ar thiompáin.


Molaigí an Tiarna i gcomhthionóil shollúnta; molaigí bhur nDia, a shliocht chlann Iosrael.


Tabhair aird ar a bhfuil ráite agam leat, agus ná haithris ainmneacha déithe eile agus nach mó a chluintear as do bhéal iad.


[Ná] lig do do thoibreacha sceitheadh amú, ná do do shrutháin sníomh trí na sráideanna.


A Thiarna, a Dhia linn, bhí réim ag tiarnaí seachas tú féin orainn ach ní aithnímid ach tusa feasta, ní aithnímid ach d'ainmse amháin.


Déarfaidh an duine seo: ‘Is leis an Tiarna mé’, tabharfaidh duine eile ainm Iacóib air féin. Scríobhfaidh duine eile ar a láimh ‘An Tiarna’, agus sloinnfidh é féin ó Iosrael.”


Mionnaim dar mé féin; is í an fhírinne a thagann as mo bhéal, geallúint nach bhfuil dul siar uirthi: ‘Os mo chomhairse cromfar gach glúin, dar mise is ea a thabharfaidh gach teanga a mionn.’


Éistigí liom, sibhse atá ag cailleadh misnigh agus ar fada libh an bua gan teacht.


Éistigí liom, sibhse go léir atá ar lorg an chirt, atá ag iarraidh an Tiarna. Breathnaígí an charraig as ar gearradh sibh, agus an cairéal ar tochlaíodh sibh amach as.


Breathnaígí Abrahám bhur n‑athair agus Sárá a thug ar an saol sibh. Óir bhí sé ina aonar nuair a ghairm mise é agus bheannaigh mé é agus rinne mé líonmhar é.


Lá in aghaidh an lae tá siad do mo thaithí, ag maíomh toil a bheith acu agus tuiscint do mo shlite, amhail pobal a bheadh ag cleachtadh fíréantachta, in áit a bheith ag tabhairt cúl le dleacht a nDé. Bíonn siad ag cur tuairisc orm faoi dhlíthe córa; is áil leo, más fíor dóibh, druidim le Dia:


Tá an Tiarna tar éis a mhionn a thabhairt dar a dheasláimh agus dar neart a ghualann: “Ní baol feasta go dtabharfaidh mé do chruithneacht mar bhia do do naimhde. Eachtrannaigh ní ólfaidh níos mó do chuid fíona ar chaith tú do shaothar leis.


Bhíomar go léir ar nós duine atá neamhghlan agus ár ndea-ghníomhartha uile mar ghiobail bhrocacha. Tá muid seargtha ar fad mar bheadh duilleoga, dár siabadh linn ag ár gcionta ar nós na gaoithe.


An té a mbeidh beannacht uaidh ar talamh, beannacht ó Dhia na fírinne a bheidh uaidh, agus an té a thabharfaidh a mhionn ar talamh, dar Dia na fírinne a mhionnóidh sé, óir ligfear amhgar an tseanama i ndearmad agus beidh sé ceilte ar mo radharc.


Má mhionnaíonn tú: ‘Go maire an Tiarna’ go fírinneach, go fíréanta agus go macánta, beannóidh na ciníocha iad féin ionat, agus is ionat a bheidh a nglóir.”


Ach éistigí le briathar an Tiarna, sibhse a Ghiúdacha uile, a chónaíonn i dtír na hÉigipte: Tugaimse mionna faoi m'ainm mór a deir an Tiarna, nach n‑ainmneofar m'ainm níos mó i mbéal aon duine ar bith de Iúdá i gcríocha uile na hÉigipte; ní déarfaidh duine: Go maire an Tiarna Dia.


Ach bíodh go n‑abrann siad: “Go maire an Tiarna,” ina dhiaidh sin mionnaíonn siad go bréagach.


Ná tugaigí leabhar éithigh dar m'ainm agus ainm do Dhé a thruailliú. Mise an Tiarna.


An amhlaidh atá alltacht ar theaghlach Iacóib? An bhfuil briste ar an bhfoighne ag an Tiarna? An é sin an rud is nós leis a dhéanamh? Nach dea-chroíoch iad na briathra a labhraíonn sé lena phobal féin Iosrael?


iad siúd a shléachtann roimh réaltaí neimhe ar dhíonta na dtithe agus na daoine freisin a shléachtann roimh an Tiarna ach a mhionnaíonn dar Miolcom


Dúirt sé liom ansin: “Is é seo an mhallacht atá ag gabháil amach thar aghaidh na tíre. Óir, de réir taobh amháin de, díbreofar gach duine a dhéanann goid; agus de réir an taoibh eile de, díbreofar as an áit seo gach duine a thugann mionn éithigh dar m'ainmse.


Tiocfaidh mé chugaibh chun breithiúnas a thabhairt agus beidh mé i m'fhinné neamhbhalbh in aghaidh draoithe agus adhaltrach agus éitheoirí agus ina n‑aghaidh siúd a dhéanann leatrom ar fhostaithe nó ar bhaintreacha nó ar dhílleachtaí agus ina n‑aghaidh siúd chomh maith a sháraíonn cearta an choimhthígh a chónaíonn in bhur measc agus gan eagla dá laghad orthu romhamsa, a deir Tiarna na Slua.


[Tá laoch ag eascar as a síol agus ag rialú ar chiníocha gan áireamh.] Is mó ná Agag a rí, agus uaisleofar a mhórgacht.


“Is mairg daoibhse, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ndúnann sibh ríocht na bhflaitheas in éadan na ndaoine; óir ní théann sibh féin isteach, agus iad seo a bhíonn ag dul isteach bacann sibh iad.


Chonaic Íosa Natanael ag teacht chuige agus dúirt ina thaobh: “Sin Iosraelach dáiríre nach bhfuil aon fheall ann.”


Spiorad é Dia, agus lucht a adhartha is i spiorad agus i bhfírinne a chaithfidh siad adhradh.”


Má thugann tusa Giúdach ort féin; agus go bhfuil do sheasamh ar an dlí; agus tú muiníneach as Dia agus fios a thola agat;


Ní amhlaidh atá teipthe ar bhriathar Dé, mar ní Iosraelach an uile dhuine de shliocht Iosrael,


Is é sin le rá, ní hiad clann na feola atá ina gclann Dé; ní áirítear ina shliocht dó ach an chlann a rugadh de réir an ghealltanais.


Bíodh eagla an Tiarna do Dhia ort; déan seirbhís dó agus cloígh leis, agus is dar a ainm a thabharfaidh tú mionn.


Uime sin lonnaíonn Iosrael i síocháin; toghtar tobar Iacóib mar thír arbhair agus fíona; sileann neamh féin an drúcht anuas


Chuala an Tiarna a ndúirt sibh liom, agus dúirt liom: ‘Chuala mé caint uile an phobail seo leat; is maith mar a dúradar gach a bhfuil ráite acu.


Bíodh eagla an Tiarna do Dhia ort, déan seirbhís dó agus mionnaigh dar a ainm.


Meallfar iad le cur i gcéill lucht éithigh, daoine a bhfuil a gcoinsias mar a bheadh sé brandálta leis an iarann dearg.


Is eol dom do dhuainéis agus do bhochtaine - cé gur saibhir tú - agus tromaíocht an dreama a thugann Giúdaigh orthu féin, ach nach amhlaidh dóibh ach gur sionagóg le Sátan iad.


Féach! tabharfaidh mé do shionagóg Shátain iad siúd a deir gur Giúdaigh iad féin agus nach ea, ach gur bréag dóibh sin, agus, féach, cuirfidh mé iallach orthu teacht agus sléachtadh ag do chosa agus a thuiscint go bhfuil grá agam duit.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí