scaoiligí iad agus tugaigí chugam iad; agus má deir aon duine focal libh abraigí: ‘Tá gá ag an Tiarna leo, ach cuirfidh sé ar ais gan mhoill iad.’ ”
Matha 26:18 - An Bíobla Naofa 1981 “Téigí isteach sa chathair,” ar seisean, “go dtí an duine seo áirithe agus abraigí leis: ‘Dúirt an Máistir a rá leat: tá m'uain in achmaireacht: is i do theachsa atáim chun an Cháisc a dhéanamh in éineacht le mo dheisceabail.’ ” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ar seisean, “Gabhaigí isteach sa chathair chun a leithéid seo de dhuine agus abraigí leis, ‘Is é a deir an tOide, tá mʼamsa i bhfogas; beidh mise agus mo dheisceabail ag comóradh na cásca i do theachsa.’” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt Íosa: Téighigidh isteach chun na cathrach chuig fear áirithe, agus abraigidh leis: Deir an Máighistir: Tá m’am buailte liom; is i do thigh-se a ghním an Cháisc mar aon le mo dheisciobail. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt sé, Téidhidh isteach sa gcathair chum a leithéide seo de dhuine, agus abraidh leis, Adeir an Máighistir, Atá m’aimsir ag druidim liom; táim ag sollamhnú na cásca id’ thigh‐se i bhfochair mo dheisceabal. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt seisean, Imdhigh don chathruigh go duine áirighe, agus abruidh ris, A deir an Maighisdir, A tá maimsear ag drud riom; is ad thighsi do dhéana mé fein agus mo dheisciobuil an cháisg. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt Íosa: Téighidh as chathair chun duine áirithe, agus abraidh leis: Deir an Máighistir: Tá m’aimsir i ngoireacht dom; déanfad féin agus mo dheisgiobuil an Cháisg agat-sa. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Téigí isteach sa chathair,” ar seisean, “go dtí an duine seo áirithe agus abraigí leis: ‘Dúirt an Máistir a rá leat: tá mʼuain in achomaireacht: is i do theachsa atáim chun an Cháisc a dhéanamh in éineacht le mo dheisceabail.’” |
scaoiligí iad agus tugaigí chugam iad; agus má deir aon duine focal libh abraigí: ‘Tá gá ag an Tiarna leo, ach cuirfidh sé ar ais gan mhoill iad.’ ”
Agus fós, ná bíodh ‘múinteoirí’ á thabhairt oraibh, óir níl agaibh ach an t‑aon Mhúinteoir, an Críost.
Ach ná bíodh ‘raibí’ á thabhairt oraibhse; óir níl ach an t‑aon Mháistir oraibh, agus is bráithre sibhse uile.
Rinne na deisceabail de réir mar a bhí beartaithe ag Íosa dóibh, agus d'ullmhaigh siad an Cháisc.
“Tá a fhios agaibh go bhfuil an Cháisc chugainn i gcionn dhá lá agus Mac an Duine le tabhairt suas chun a chéasta.”
Rinne sé anonn ar Íosa díreach gan stad, agus “Sé do bheatha, a Raibí!” ar seisean, agus phóg sé é.
Le linn dó bheith ag caint tháinig daoine ó theach cheann urra na sionagóige ag rá: “Tá d'iníon tar éis bháis; cén fáth a mbeifeá ag cur as don Mháistir níos mó?”
Nuair a bhínn in éineacht libh gach lá sa Teampall, níor leag sibh lámh orm. Ach is í bhur n‑uairse í seo, agus cumhacht an dorchadais.”
Arna rá sin di, d'imigh sí agus ghlaoigh sí ar Mháire a deirfiúr gan fhios agus dúirt: “Tá an máistir anseo agus tá sé ag glaoch ort.”
D'fhreagair Íosa iad agus dúirt: “Tá an uair tagtha chun go ndéanfaí Mac an Duine a ghlóiriú.
Roimh fhéile na Cásca, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh a uair tagtha chun imeacht as an saol seo go dtí an tAthair, agus ó thug sé grá dá mhuintir féin a bhí ar an saol, thug sé grá thar na bearta dóibh feasta.
Dúirt Íosa an chaint sin agus ar thógáil a shúl chun na bhflaitheas dúirt sé: “A Athair, tá an uair tagtha. Tabhair glóir do do Mhac, ionas go dtabharfadh do Mhac glóir duit:
“A Mháire,” arsa Íosa léi. D'iompaigh sise agus dúirt as Eabhrais: “Rabúnaí,” is é sin le rá: “A Mháistir!”
Bhí siad ag iarraidh é a ghabháil, ach níor leag aon duine lámh air, mar ní raibh a uair tagtha fós.
Dúirt Íosa leo dá bhrí sin: “Níor tháinig m'uain-sé go fóill; ach tá bhur n‑uain-sé i gcónaí ullamh.
Téigí-sé suas chun na féile, ach nílimse ag dul suas chun na féile seo [fós], óir níl m'uain-sé comhlíonta go fóill.”