Matha 26:17 - An Bíobla Naofa 198117 Ar an gcéad lá d'fhéile an tslimaráin, tháinig na deisceabail chun Íosa ag rá: “Cárbh áil leat go n‑ullmhóimis an Cháisc duit le hithe?” Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)17 Anois an chéad lá de laethanta an aráin gan laibhín tháinig na deisceabail chuig Íosa, á fhiafraí de, “Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh orainn bheith ag déanamh réidh ionas go n‑ithe tú an cháisc?” Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara17 Agus ar an chéad lá d’fhéile an aráin gan deascaidh, tháinic na deisciobail chuig Íosa, ag rádh: Cá h-áit ar toil leat go ndéanfamaois fá réir duit leis an Cháisc a chaitheamh? Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)17 Agus an chéad lá d’fhéile an aráin gan laibhín, tháinig na deisceabail chum Íosa, agus adubhradar, Cá’r mhian leat go n‐ullmhóchaimíd an cháisc duit le n‐a h‐ithe? Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)17 Agus an chéad lá a naráin gan laibhín tangadar a dheisciobuil chum Iósa, ag rádh ris, Cía a náit an as toil leachd sinne do dhéanamh ullmhuighthe dhuit do chaitheamh na cásga? Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)17 An chéad lá, ámhthach, de laethantaibh féile an aráin gan giost tháinig a dheisgiobuil chun Íosa, agus dubhradar: Cár mhaith leat go ndéanfaimís an cháisg d’ollamhú dhuit le caitheamh? Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201217 Ar an gcéad lá dʼfhéile an tSlimaráin, tháinig na deisceabail chun Íosa ag rá: “Cárbh áil leat go n-ullmhóimis an Cháisc duit le hithe?” Féach an chaibidil |