Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 13:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Roimh fhéile na Cásca, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh a uair tagtha chun imeacht as an saol seo go dtí an tAthair, agus ó thug sé grá dá mhuintir féin a bhí ar an saol, thug sé grá thar na bearta dóibh feasta.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Anois roimh Fhéile na Cásca, ó bhí a fhios ag Íosa gur tháinig an uair úd ina mbeadh air imeacht as an saol seo chun an Athar, agus ó bhí grá aige dá dhream féin a bhí sa saol, thug sé grá dóibh go deireadh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Roimh lá fhéile na Cásca, ó bhí a fhios ag Íosa go dtáinic a uair chun imtheacht ó’n tsaoghal seo go dtí an t-Athair: ó ghrádhuigh sé a mhuinntir féin a bhí ar an tsaoghal, ghrádhuigh sé go deireadh iad.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus roimh fhéile na cásca, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh a thráth tagtha chum imtheacht as an saoghal so chum a Athar, ó thug sé grádh d’á mhuinntir féin do bhí sa tsaoghal, thug se grádh dhóibh go deireadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus roimh shollamáin na cásg, ar na aithe Díosa go dtáinig a uáir ann a rachadh sé as an tsáoghalsa chum a Nathar, ar ngrádhughadh a mhuinntire féin do bhí ar a tsáoghal, do ghradhuigh sé go deireadh íad.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Roimh lá fhéile na cásga, ó bhí fhios ag Íosa go raibh a thráth tagaithe chun imtheacht as an saoghal so ag triall ar an Athair: ó thug sé grádh d’á mhuíntir féin, do ghrádhuigh sé iad go deire.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Roimh fhéile na Cásca, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh a uair tagtha chun imeacht as an saol seo go dtí an tAthair, agus ó thug sé grá dá mhuintir féin a bhí ar an saol, thug sé grá thar na bearta dóibh feasta.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 13:1
44 Tagairtí Cros  

Agus ag déanamh spraoi ar fud an domhain mhóir, agus ag baint aoibhnis as caidreamh daoine.


Nocht an Tiarna [dó], ó i bhfad i gcéin: ghráigh mé thú le grá síoraí, ar an ábhar sin is dochaite mo ghean ort.


Ansin tháinig sé chun na ndeisceabal agus dúirt leo: “Codlaigí libh feasta agus glacaigí bhur suaimhneas. Seo! tá an t‑am in achmaireacht agus Mac an Duine le tabhairt ar láimh do pheacaigh.


ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil. Agus féach, táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.”


Nuair a bhínn in éineacht libh gach lá sa Teampall, níor leag sibh lámh orm. Ach is í bhur n‑uairse í seo, agus cumhacht an dorchadais.”


Ansin, nuair a bhí an t‑am ag teacht go dtógfaí as an saol é, bhuail sé roimhe go dána ag déanamh ar Iarúsailéim,


Bhí Cáisc na nGiúdach in achmaireacht agus chuaigh a lán daoine ón tuath suas go Iarúsailéim roimh an gCáisc chun iad féin a naomhú.


D'fhreagair Íosa iad agus dúirt: “Tá an uair tagtha chun go ndéanfaí Mac an Duine a ghlóiriú.


óir shíl cuid acu, ós rud é go raibh an sparán ag Iúdás, go raibh Íosa á rá léis: “Ceannaigh a bhfuil de dhíth orainn don fhéile; nó rud éigin a thabhairt do na boicht.”


ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach uile ní tugtha isteach ina lámha dó, ag an Athair, agus gur ó Dhia a ghabh sé amach, agus gur ar Dhia a bhí a thriall,


Tá aithne nua á tabhairt agam daoibh, go dtabharfadh sibh grá dá chéile; faoi mar a thug mise grá daoibhse, go dtabharfadh sibhse grá dá chéile.


Chuala sibh mé á rá libh: ‘Táim ag imeacht uaibh, agus tiocfaidh mé ar ais chugaibh.’ Dá mbeadh grá agaibh dom, bheadh áthas oraibh, óir táim ag dul go dtí an tAthair, mar is mó an tAthair ná mise.


Ach caithfidh an saol a aithint go bhfuil grá agam don Athair, agus go ndéanaim de réir mar a d'ordaigh an tAthair dom. Éirígí, agus téimis as seo.


Ghabh mé amach ón Athair, agus tháinig mé ar an saol. Táim ag fágáil an tsaoil arís, agus táim ag triall ar an Athair.”


Dúirt Íosa an chaint sin agus ar thógáil a shúl chun na bhflaitheas dúirt sé: “A Athair, tá an uair tagtha. Tabhair glóir do do Mhac, ionas go dtabharfadh do Mhac glóir duit:


Ní den saol iad, faoi mar nach den saol mise.


Agus thug mé dóibh, agus tabharfaidh, eolas ar d'ainm, ionas, an grá a thug tú dom, go mbeadh sé iontu seo, agus mise iontu.”


Agus anois mar sin, a Athair, tabhair-sé glóir domsa i do láthair leis an nglóir chéanna a bhí agam i do láthair, sula raibh an domhan ann.


Ó bhí a fhios ag Íosa an uile ní dá raibh le teacht air, ghabh sé amach agus dúirt sé leo: “Cé tá uaibh?”


Tar éis an méid sin, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach ní déanta feasta, chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr, dúirt sé: “Tá tart orm.”


Bhí Cáisc na nGiúdach in achmaireacht agus chuaigh Íosa suas go Iarúsailéim dá bhrí sin.


Bhí féile na nGiúdach, an Cháisc, in achmaireacht.


Bhí siad ag iarraidh é a ghabháil, ach níor leag aon duine lámh air, mar ní raibh a uair tagtha fós.


Dúirt Íosa leo dá bhrí sin: “Níor tháinig m'uain-sé go fóill; ach tá bhur n‑uain-sé i gcónaí ullamh.


Labhair sé na focail seo taobh leis an gciste agus é ag teagasc sa Teampall. Níor leag aon duine lámh air, mar ní raibh a uair tagtha fós.


Ach sna cúrsaí seo go léir, beirimid an bua go caithréimeach tríd an té úd a thug grá dúinn.


Coimeádfaidh seisean daingean sibh go deireadh na dála, gan cháim lá ár dTiarna Íosa Críost.


Mar ní bheimid i gcomhpháirt le Críost ach ar an gcoinníoll go gcoinnímid ár gcéadmhuinín daingean go dtí an deireadh.


bhí Críost dílis freisin ach mar Mhac agus mar mháistir ar theaghlach Dé. Agus is sinne a theaghlach má choinnímid ár muinín agus ár móráil as ár ndóchas (daingean go dtí an deireadh).


Is mian linn, áfach, go dtaispeánfadh gach duine agaibh an díograis chéanna go dtí an deireadh nó go dtiocfaidh na nithe a bhfuil súil agaibh leo i gcrích.


Dá bhrí sin cuirigí bhur n‑aigne i gcóir chun oibre, bígí stuama, agus bíodh bhur muinín go hiomlán as an ngrásta a dháilfear oraibh nuair a fhoilseofar Íosa Críost.


Tugaimisne grá, mar gur thug seisean grá dúinne ar dtús.


agus ó Íosa Críost an finné dílis, an chéadghin ó mhairbh, rialtóir ríthe an domhain. Don té a bheir grá dúinn, agus a scaoil sinn ónár gcionta trína fhuil féin,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí