Matha 25:43 - An Bíobla Naofa 1981 bhí mé i mo strainséir agus níor thug sibh aíocht dom, bhí mé nocht agus níor chuir sibh aon éadach orm, bhí mé tinn agus i bpríosún agus níor tháinig sibh do m'fheiceáil.’ An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) i mo strainséir agus bhí doicheall oraibh romham, bhí mé tarnocht agus dhiúltaigh sibh faoi éadaí mé, breoite agus sa phríosún agus dʼfhan sibh uaim.’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Bhí mé mo dheoraidhe, agus ní thug sibh aoidheacht damh; tárnocht, agus níor chuir sibh éadach orm; breoidhte, agus i bpríosún, agus ní thug sibh cuairt orm. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) bhíos im’ choimhightheach, agus níor fháiltigheabhar rómham; bhíos lomnocht, agus níor chlúduigheabhar mé; breoite, agus i bpríosún, agus ní thángabhar chugam. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do bhí mé coigcríche, agus ní thugabhair áoidheachd dhamh: do bhí mé lomnochd, agus níor chuireabhair éadach umam: do bhí me éagcrúaidh, agus a bpríosún, agus ní thangabhair dom fhéachuin. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Bhíos ar fán, agus níor thugabhair bheith istigh dom; bhios nocht, agus níor chlúdabhair mé; bhíos breóite, agus sa phríosún, agus níor thánabhair am’ féachaint. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 bhí mé i mo strainséir agus níor thug sibh aíocht dom, bhí mé nocht agus níor chuir sibh aon éadach orm, bhí mé tinn agus i bpríosún agus níor tháinig sibh do mʼfheiceáil.’ |
Dá bhrí sin, is é seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael, i dtaobh na n‑aoirí a bheathaíonn mo phobal: Lig sibh scaipeadh agus seachrán a theacht ar mo thréad agus níor thug aon aire dóibh. Féach, agróidh mise oraibhse olc bhur ngníomhartha - an Tiarna a labhraíonn.
Tá éagóir agus slad ar siúl ag muintir na tíre; chráigh siad an bochtán agus an t‑ainniseoir agus thug drochíde don chuairteoir gan fáth.
bhí mé nocht agus chuir sibh éadach orm, bhí mé tinn agus tháinig sibh do m'fheiceáil, bhí mé i bpríosún agus thug sibh cuairt orm.’
Óir bhí ocras orm agus níor thug sibh aon rud le hithe dom, bhí tart orm agus níor thug sibh aon rud le hól dom,
Agus freagróidh siad sin é ansin: ‘A Thiarna, cén uair a bhí tú le feiceáil againn agus ocras nó tart ort, nó i do strainséir, nó nocht nó tinn nó i bpríosún agus nach ndearnamar freastal ort?’
Tamall ina dhiaidh sin dúirt Pól le Barnabas: “Téimis ar ais ag fiosrú na mbráithre i ngach cathair inar chraobhscaoileamar scéal an Tiarna, féachaint conas atá acu.”
ná déanaigí dearmad ar an bhféile a chleachtadh. Óir, mar gheall ar a bhféile bhí daoine áirithe ann a raibh aingil ar cuairt acu gan fhios dóibh.
Cuimhnígí ar na daoine atá i bpríosún amhail is dá mbeadh sibh féin i bpríosún leo. Cuimhnígí freisin ar na daoine atá ag fulaingt drochíde mar tá sibhse féin ar an aiste chéanna leo.
Chuadar i leataobh ansiúd chun dul isteach an oíche a chaitheamh i nGibeá. Chuaigh an Léivíteach isteach agus shuigh i lár cearnóige poiblí na cathrach, mar nár thug aon duine bheith istigh dó ina theach chun an oíche a chaitheamh ann.