Matha 23:21 - An Bíobla Naofa 1981 Agus an té a mhionnaíonn dar an sanctóir, mionnaíonn sé dar an sanctóir agus dar an té a chónaíonn ann, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus an té a thugas móid ar an teampall, tugann sé é agus an té a chónaíos ann mar mhóid; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus cibé a mhionnóchas dar an teampall, mionnuigheann sé dar é, agus dar an té atá ina chómhnaidhe ann. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus an té dhearbhuigheas dar an teampall, dearbhuigheann sé dar an teampall, agus dar an té chómhnuigheas ann. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus gidh bé bhéir an teampoll mar mhionna, do bheir sé é féin, agus an té a tá na chomhnuidhe ann mar mhionna. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus an t-é a dhearbhuigheann dar an teampal, dearbhuigheann sé dar an teampal agus dar an t-é atá ’n-a chómhnuidhe ann. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus an té a mhionnaíonn dar an sanctóir, mionnaíonn sé dar an sanctóir agus dar an té a chónaíonn ann, |
Daingnigh más ea anois, a Dhia Iosrael, na focail a labhair tú le do shearbhónta, Dáiví, m'athair.
Sea go deimhin, tá teach cónaithe tógtha agam duit, áit ina ndéanfá cónaí ann go brách.”
Níor fhéad na sagairt dul isteach i dteach an Tiarna óir líon glóir an Tiarna teach an Tiarna.
Dá bhrí sin, an té a mhionnaíonn dar an altóir, mionnaíonn sé dar an altóir agus dar a bhfuil anuas uirthi.
Is ann chomh maith atá sibhse do bhur gcomhthógáil agus áit chónaithe Dé á dhéanamh díbh faoi luí an Spioraid.