Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 8:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Dúirt Solamh ansin: “Chinn an Tiarna go lonnódh sé sa néal tiubh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Do rinne misi go deimhin tigh dhuit do dhéanamh comhnuighe ann, áit chinnte dhuitsi dfanamhuinn ann go brath.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 8:13
18 Tagairtí Cros  

(Eisean a thógfaidh teach do m'ainmse, agus daingneoidh mé a chathaoir ríoga go deo.)


Eisean a thógfaidh teach dom, agus daingneoidh mé a chathaoir ríoga go deo.


Déan do mhachnamh anois ar conas a thogh an Tiarna thú le teach a thógáil don sanctóir. Bí laidir agus déan amhlaidh.”


Ansin dúirt Dáiví le Solamh a mhac: “Bí daingean teann agus tabhair faoin obair. Ná bíodh eagla ort! Bíodh misneach agat mar tá an Tiarna Dia, mo Dhia-sa, le d'ais. Ní theipfidh seisean ort ná ní thréigfidh sé thú nó go mbeidh an saothar go léir atá le déanamh do theach an Tiarna curtha i gcrích!


Dúirt sé liom: ‘Solamh do mhac a thógfaidh mo theach agus mo chúirteanna dom, óir thogh mé é le bheith mar mhac agam, agus beidh mise mar athair aigesean.


Sea go deimhin, tá teach cónaithe tógtha agam duit, áit ina ndéanfá cónaí ann go brách.”


Thug tú isteach iad agus shuigh tú iad ar do shliabh féin, san áit dá ndearna tú d'áitreabh, an sanctóir a dhealbhaigh do lámha.


Dúirt sé liom: “A mhic an duine, is é seo suíomh mo ríchathaoireach, an áit ar a leagfaidh mé boinn mo chos. Cónóidh mé anseo i lár chlann Iosrael go brách. Muintir Iosrael agus a ríthe ní thruailleoidh siad m'ainm naofa choíche arís, lena striapachas agus le conablaigh a ríthe,


As seo amach díbreoidh siad an striapachas agus conablaigh a ríthe i bhfad ar shiúl uaim agus cónóidh mé ina measc go brách.


Agus an té a mhionnaíonn dar an sanctóir, mionnaíonn sé dar an sanctóir agus dar an té a chónaíonn ann,


Chualamar é á rá go ndéanfadh an Íosa Nazórach úd an áit seo a leagan ar lár agus na gnásanna a d'fhág Maois againn a athrú.”


Óir ní isteach i sanctóir lámhdhéanta nach raibh ann ach samhail den fhíorshanctóir a chuaigh Críost, ach isteach sna flaithis féin mar a bhfuil sé anois ag déanamh idirghuí ar ár son i láthair Dé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí