Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 8:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 De bharr an néil níor fhéad na sagairt leanúint níos faide dá ndualgais freastail; bhí Teampall an Tiarna líonta de ghlóir an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 ¶ Ann sin do labhair Solamh, A dubhairt an TIGHEARNA go náitreochadh sé a ndorchadus tiugh.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 8:12
12 Tagairtí Cros  

Chlaon sé na spéartha agus thuirling sé, agus scamall dubh faoina chosa.


Nuair a tháinig na sagairt amach as an sanctóir, líonadh Teampall an Tiarna leis an néal.


Agus d'oscail Eazrá an leabhar i radharc an phobail uile mar bhí sé in airde os a gcionn go léir. Agus nuair a d'oscail sé é, d'éirigh an pobal go léir ina seasamh.


Tá néalta agus dorchacht ina thimpeall; ceart agus cóir is bonn lena ríchathaoir.


D'fhan an pobal i bhfad siar dá bhrí sin agus dhruid Maois leis an scamall tiubh dorcha mar a raibh an Tiarna.


Go deimhin, is faratsa atá Dia i bhfolach, Dia Iosrael, an slánaitheoir.


labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: “Abair le do dheartháir Árón gan teacht isteach, nuair a bhuaileann an fonn é, thar fial sa sanctóir i bhfianaise chathaoir na trócaire os cionn na háirce; ba bhaol báis dó é, óir taispeánaim mé féin i néal ar chathaoir na trócaire.


Tháinig sibh i ngar agus sheas ag bun an tsléibhe; las an sliabh le tine go crioslach nimhe, agus é faoi bhrat dorchadais, néil agus scamaill.


“Sin iad na briathra a labhair an Tiarna libh go léir i gcomhthionól ag an sliabh; labhair sé libh de ghlór ard ó lar na tine, an néil, agus an dorchadais thiubh. Níor chuir sé aon rud eile leo, ach iad a scríobh síos ar dhá chlár chloiche agus thug dom iad.


Ní amhlaidh atá sibh tar éis teacht go dtí rudaí somhothaithe, mar atá, scamall dúdhorcha agus duifean agus speirling,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí